Foilsíonn an tAire McGrath agus an tAire Carroll MacNeill an tairiscint ó Éirinn le haghaidh Údarás nua an Aontais Eorpaigh um Fhrithsciúradh Airgid a óstáil
- Foilsithe: 15 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2024
D’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, inniu (an Déardaoin) an t-iarratas ó Éirinn ar Údarás nua an Aontais Eorpaigh um Fhrithsciúradh Airgid (ÚFA) a óstáil.
Bunófar ÚFA i mballstát den Aontas Eorpach, agus tá Éire ar cheann de naoi mballstát a chuir iarratas isteach chuig an gCoimisiún Eorpach ar an údarás nua a óstáil.
Beidh ÚFA ina institiúid shuntasach Aontais Eorpaigh a mbeidh de chúram uirthi maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha agus na gcaighdeán maidir le frithsciúradh airgid agus le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Déanfaidh ÚFA maoirseacht ar eintitis san earnáil seirbhísí airgeadais ar an gcéad dul síos agus déanfaidh sé maoirseacht ar eintitis nach bhfuil san earnáil seirbhísí airgeadais tar éis tamaill. Tá an institiúid le bunú sa bhliain 2024 ach táthar ag súil leis nach mbeidh sé i mbun lánoibre ach amháin sa bhliain 2026/2027. Táthar ag súil leis go mbeadh idir 250 fostaí agus 400 fostaí ag ÚFA. Beidh an líon críochnaitheach ag brath ar an toradh ar an idirbheartaíocht reachtach idir an Chomhairle Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ar chúraimí agus raon feidhme an údaráis nua.
Bhí plé díreach ag an Aire McGrath agus ag an Aire Carroll MacNeill cheana féin le comhghleacaithe Aireachta agus taidhleoireachta, ar lena linn a leagadh béim ar na buntáistí a bheadh ag baint le ÚFA a lonnú i mBaile Átha Cliath, agus cuirfear dlús leis an bplé sin sna seachtainí atá le teacht.
Ag labhairt dó inniu, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:
“Is é atá san iarratas ó Éirinn ar údarás Eorpach suntasach nua a óstáil ná pointe tábhachtach san 51ú bliain atáimid inár mball bródúil den Aontas Eorpach. Ós rud é gur ann atá sochaí fhíor-éagsúil fhíor-ilchultúrtha agus go bhfuil dea-chuntas teiste aige maidir le gnólachtaí domhanda a mhealladh, is é Baile Átha Cliath an láthair fhoirfe do ÚFA, agus gach a dteastaíonn ón údarás chun go n-éireoidh leis ar fáil ann.
“Tá ÚFA á bhunú ag an Aontas Eorpach chun feabhas a chur ar an dóigh a mbraitear idirbhearta amhrasacha airgeadais agus chun deireadh a chur leis na bealaí éalaithe a mbaineann coirpigh leas astu chun fáltais aindleathacha a sciúradh nó chun gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a mhaoiniú, rud a chuirfidh feabhas ar phobail ar fud an Aontais Eorpaigh sa deireadh.
“Mar bhall tiomanta den Aontas Eorpach, tá sé tábhachtach d’Éirinn go ndáilfí láthair na n-institiúidí uile-Eorpacha go cothrom ar fud na mBallstát. Mar náisiún oileánda atá ar imeall na hilchríche, tá léargas domhanda uathúil ag Éirinn ar féidir leis eolas a dhéanamh do chultúr ÚFA de réir mar a fhéachann sé le luachanna na hEorpa ar chosaint ar an ardán domhanda. Dá lonnófaí ÚFA in Éirinn, thabharfaí fianaise chumhachtach á léiriú go mbeadh na Ballstáit uile in ann páirt iomlán a ghlacadh i dtodhchaí an Aontais a chruthú.”
Ag labhairt di ó Fhéile Teicneolaíochta Airgeadais Shingeapór, áit a bhfuil intleacht shaorga ina príomhthéama maidir le sciúradh airgid a chomhrac, dúirt Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas:
“Is i mBaile Átha Cliath cheana féin atá lárionad airgeadais mór atá idircheangailte leis an gcuid eile den domhan agus aithnítear é mar lárionad mór teicneolaíochta a oibríonn i gcomhar lenár n-oidhreacht luachmhar cultúir chun na dálaí foirfe a chruthú le haghaidh an institiúid thábhachtach nua Aontais Eorpaigh seo a thógáil.
“Tá clú sármhaith ar Éirinn i ndáil le comhlíonadh sa réimse um sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, tá córais láidre rialachais agus riaracháin aici agus d’fhorbair sí fórsa oibre rí-oilte, rud a fhágann gur láthair fhoirfe sinn le haghaidh ÚFA a óstáil. Mar gheall ar ár ndlúthnaisc chultúrtha agus ar ár ndlúthchaidreamh leis an Ríocht Aontaithe agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar domhanda níos mó ag ÚFA dá lonnófaí an t-údarás ríthábhachtach Aontais Eorpaigh sin i mBaile Átha Cliath.
“Tairgeann Baile Átha Cliath don Eoraip raon leathan foirgneamh oifige atá nua-aimseartha, ar ardchaighdeán agus lonnaithe go lárnach agus ar féidir ÚFA a óstáil iontu agus, toisc go bhfuil dea-naisc iompair aige lenár gcomharsana Aontais Eorpaigh, tá ag Baile Átha Cliath gach a dteastaíonn ó bhaill foirne ÚFA agus óna dteaghlach chun rath a bhaint amach.
“Cinneadh tábhachtach don Eoraip, agus an chéad chinneadh dá shórt a mbeidh baint ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa araon leis, a bheidh sa chinneadh ar cén áit a lonnófar an t-údarás nua seo. Ba rud maith é comhráite díreacha a bheith againn le comhpháirtithe san Eoraip an tseachtain seo caite ar ár dtairiscint le haghaidh ÚFA a óstáil agus táimid ag súil le tuilleadh caidrimh a dhéanamh le comhghleacaithe ar fud na mBallstát agus le Parlaimint na hEorpa sna seachtainí atá le teacht de réir mar a théann an próiseas ar aghaidh.”
Tháinig an próiseas iarratais chun deiridh Dé hAoine an 10 Samhain, agus tá Éire ar cheann de naoi mBallstát a chuir iarratas isteach chuig an gCoimisiún Eorpach. Is iad seo na tíortha is iarratasóirí: an Bheilg; an Ghearmáin; Éire; an Spáinn; an Fhrainc; an Iodáil; an Laitvia; an Liotuáin; agus an Ostair.
Tá measúnú ginearálta á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach ar na hiarratais uile faoi láthair agus cuirfidh sé an measúnú ginearálta uaidh isteach chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa sna seachtainí atá le teacht.
Tá an idirbheartaíocht reachtach idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ag leanúint ar aghaidh ar an bpacáiste ar fad um Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac, lena n-áirítear an próiseas atá i gceist le ceanncheathrú ÚFA a roghnú. Tugann Éire an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo dá haire agus tá sí ag súil le caidreamh a dhéanamh leis an gComhairle agus leis an bParlaimint chun a chinntiú go gcuirfear an próiseas sin i gcrích sna míonna atá le teacht.
D’óstáil an tAire McGrath gRoghnú cheanncheathrú an Údaráis um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (ÚFA) (europa.eu).ach duine d’Ambasadóirí Ballstáit an Aontais Eorpaigh in Éirinn ag ócáid a cuireadh ar siúl i nDuga an Státchiste, ceanncheathrú Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN), sna seachtainí beaga atá imithe thart chun breac-chuntas a thabhairt ar fhís na hÉireann do ÚFA sular cuireadh an t-iarratas foirmiúil uainn isteach. Léigh an óráid ón Aire.
D’óstáil an tAire Carroll MacNeill ócáid sa Bhruiséil Déardaoin an tseachtain seo caite a bhí dírithe ar an tairiscint ó Éirinn. D’fhreastail ionadaithe ó níos mó ná cúig Bhallstát déag agus ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón tionscal ar an ócáid.
Cuirtear an fhoirm iarratais ó Éirinn isteach chuig an gCoimisiún Eorpach.
Nótaí
Is féidir faisnéis chúlra, lena n-áirítear na critéir le haghaidh ceanncheathrú ÚFA a roghnú, agus na foirmeacha iarratais uile ó na Ballstáit a fheiceáil anseo: