English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire McGrath an Deichiú Tuarascáil Nuashonraithe ar Dhul Chun Cinn a fuarthas ó Leachtaitheoirí Speisialta CÉRB

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

D’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu [an Aoine] an deichiú Tuarascáil Nuashonraithe ar Dhul Chun Cinn ar Leachtú Speisialta CÉRB. D’iarr an tAire Airgeadais an tuarascáil go foirmiúil ón Uas. Kieran Wallace agus ón Uas. Eamonn Richardson, Comhleachtaitheoirí Speisialta CÉRB, agus tá sí ar fáil anois ar shuíomh Gréasáin na Roinne Airgeadais. Is é cuspóir na tuarascála seo ná nuashonrú bliantúil a thabhairt ar an leachtú speisialta agus trédhearcacht a thabhairt maidir le sruthanna oibre agus le costais ghaolmhara.

Ag labhairt dó faoin gceann is déanaí de na Tuarascálacha Nuashonraithe ar Dhul Chun Cinn, dúirt an tAire McGrath:

“Léirítear sa Tuarascáil seo an dul chun cinn a rinne na Comhleachtaitheoirí Speisialta sa bhliain 2022 de réir mar a leanann siad ag díriú a gcuid oibre ar leachtú speisialta CÉRB a chur i gcrích roimh dheireadh na bliana 2024.

“Tá na leachtaitheoirí ag leanúint den phróiseas clabhsúir a bhainistiú ar bhonn leanúnach, agus imeachtaí dlíthíochta a bheith á réiteach tuilleadh sa bhliain agus díriú a bheith á leagan ar shócmhainní éagsúla a ullmhú agus a dhíol ón leabhar iasachtaí atá fágtha.

“Is é an toradh tosaíochta atáthar ag iarraidh a bhaint amach ón leachtú speisialta fós ná an toradh is fearr is féidir don Stát a bhaint amach.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Leachtaitheoirí Speisialta agus lena mbaill foirne as a n-obair leantach agus táim muiníneach go gcuirfear an leachtú i gcrích ar bhealach ar a mbainfear an toradh is fearr is féidir amach ó na sócmhainní atá fágtha.”