English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire McGrath an Tuarascáil Bhliantúil ar Chánachas

  • scrúdaítear córas cánach na hÉireann ón taobh fadtéarmach struchtúrach de sa tuarascáil ar chánachas
  • taifeadadh fás láidir san ioncam cánach, ach tá leochaileachtaí ann faoi bhun na bhfigiúirí ceannlíne
  • leagtar béim in anailís ar an ioncam cánach ar an gcomhchruinniú fáltas i líon beag earnálacha den gheilleagar, agus díriú ar leith ar an earnáil TFC i dtuarascáil na bliana seo

D’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu (an 24 Lúnasa) an Tuarascáil Bhliantúil ar Chánachas, rud ina n-anailísítear na gnéithe struchtúracha de chóras cánach na hÉireann.

Is í an Tuarascáil Bhliantúil ar Chánachas 2023 an séú tuarascáil dá leithéid ón roinn. Leis na tuarascálacha sin, comhlánaítear an tuairisciú gearrthéarmach míosúil ar fhorbairtí ioncaim cánach sa Mhonatóir Fioscach trí anailís níos fadtéarmaí a sholáthar ar threochtaí san ioncam le himeacht ama. Is é an spreagthach atá taobh thiar de sin ná an gá lena chinntiú nach dtiocfaidh míchothromaíochtaí san ioncam cánach chun cinn le himeacht ama: má scrúdaítear treochtaí fadtéarmacha san ioncam cánach, beifear in ann míchothromaíochtaí éiritheacha den sórt sin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.

Mionsonraítear sa tuarascáil is déanaí an comhchruinniú sa bhonn ioncaim cánach ar an leibhéal earnála: cé go bhfuil an t-airgeadas poiblí ag brath go mór ar líon measartha beag cáiníocóirí agus gnólachtaí ilnáisiúnta móra, tá an bonn cánach comhchruinnithe freisin i líon beag earnálacha ‘atá saibhir ó thaobh na cánach de’. Léirítear sa tuarascáil go háirithe cé chomh tábhachtach don airgeadas poiblí agus atá an earnáil TFC, a raibh fás fostaíochta inti sa bhliain go dtí deireadh mhí an Mheithimh, d’ainneoin an leagain as foirne a tharla go forleathan san earnáil. Tá an earnáil TFC freagrach anois as thart ar 10 faoin gcéad den ioncam cánach ioncaim agus as thart ar 35 faoin gcéad de na fáltais ó cháin chorparáide (nuair a chuirtear monaraíocht TFC ar áireamh).

Ag labhairt dó faoin bhfoilsiú, dúirt an tAire McGrath:

“Rannchuidiú maith leis an díospóireacht beartais is ea an Tuarascáil Bhliantúil ar Chánachas, go háirithe le linn dúinn athruithe ar an mbeartas cánach a bhreithniú roimh Bhuiséad 2024. Cé gur cinnte gur figiúirí dearfacha iad na figiúirí ceannlíne, léirítear sa tuarascáil go bhfuil fíorleochaileachtaí ann fós faoi bhun an dromchla. Is meabhrúchán tráthúil é sin ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí cinntí beartais cuí san am i láthair chun slándáil an airgeadais phoiblí sa todhchaí a chinntiú.

“I straitéis bhuiséadach an rialtais a leagadh amach i Ráiteas Eacnamaíoch an tSamhraidh, leagtar conair amach lena gcinnteofar go gcoinneoimid an t-airgeadas poiblí ar chonair chobhsaí agus go leanfaimid d’infheistiú inár seirbhísí poiblí, agus aghaidh á tabhairt go gníomhach ar na rioscaí struchtúracha inár mbonn cánach, go háirithe maidir le hioncam luaineach cánach corparáide. Is iad sin na cuspóirí fioscacha a chuirfidh mé san áireamh de réir mar a dhréachtaímid Buiséad 2024.”

An Tuarascáil Bhliantúil ar Chánachas 2023