Foilsíonn an tAire McGrath athbhreithniú ar Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann agus fadaíonn sé amlíne na gníomhaireachta chun leanúint le tithíocht a sholáthar
- Foilsithe: 24 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, an dara hathbhreithniú ar Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann inniu (Dé Céadaoin). Bunaíodh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann mar chuid de fhreagairt an rialtais do ghanntanas soláthair tithíochta na hÉireann. Seoladh an ghníomhaireacht go foirmiúil i mí Eanáir 2019, agus ciste iasachta tosaigh aici a bheadh in ann cistiú a sholáthar chun cabhrú le suas le 7,500 teaghais nua a sholáthar thar thréimhse cúig bliana. Foráiltear le halt 24 den Acht um Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann d’athbhreithniú tréimhsiúil ar Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann chun a chinntiú go bhfuil sé ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna atá aige mar atá leagtha amach agus gur gá leanúint leis, i bhfianaise na ndálaí margaidh atá i réim.
Tá sé sin ag teacht freisin le gealltanas a tugadh faoi Thithíocht do Chách go ndéanfaí measúnú ar thionchar leanúnach Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann ar an gcaipiteal atá ar fáil le haghaidh forbairt áiteanna cónaithe agus go mbreithneofaí an bhfuil nó nach bhfuil fianaise ann a thacaíonn le tairiscintí táirge Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann a leasú nó a leathnú.
Thángthas ar an gconclúid san athbhreithniú gur cheart do Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann leanúint ar aghaidh ag oibriú ag an am seo, agus dlúthfhaireachán á dhéanamh fós ar fhorbairtí ar fud an mhargaidh ina iomláine, chun freagairt a thabhairt nuair is féidir chun a chinntiú nach gcuirfidh easpa cistiúcháin isteach ar an soláthar teaghaisí nua. Tá an t-athbhreithniú sin ar fáil anois ar shuíomh Gréasáin na Roinne Airgeadais: Athbhreithniú Alt 24 ar Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann – Bealtaine 2023.
D’fhógair an tAire McGrath go leanfadh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann ar aghaidh ag oibriú agus é ar cuairt ar fhorbairt tithíochta nua i mBaile an Ásaigh, Baile Átha Cliath, a cistíodh faoi Chiste Móimintim Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann. Sholáthair Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann cistiú chun 92 aonad a fhorbairt, a chuimsíonn aonaid trí sheomra leapa agus aonaid ceithre sheomra leapa araon, agus atá dírithe go príomha ar an margadh ceannaitheoirí céaduaire.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire McGrath:
“Tá ríméad orm a bheith anseo i mBaile an Ásaigh ar maidin chun soláthar níos mó ná 90 teaghais nua a fheiceáil go pearsanta. Thosaigh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann ag iasachtú sa bhliain 2019, agus tá sé ag teacht chun cinn de réir a chéile chun rannchuidiú go mór anois leis an margadh airgeadais forbartha áiteanna cónaithe in Éirinn. Nuair atáthar ar láithreán den chineál seo, is léir go bhfuil tionchar ábhartha ag Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann ar an bhfáil ar mhaoiniú fiachais shinsearaigh ar fud na tíre, arb é an toradh atá air gur soláthraíodh teaghaisí nua nach dtógfaí murach sin. Faoi dheireadh mhí Aibreáin 2023, cheadaigh Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann cistiú is fiú €1.353 billiún san iomlán chun tacú leis an soláthar féideartha suas le 6,161 teaghais i 22 chontae in Éirinn. Thug Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann réamhíocaíochtaí cistiúcháin le haghaidh 60 forbairt faoi dheireadh na bliana 2022. Ina theannta sin, meastar go dtiocfaidh méadú suntasach sna blianta atá le teacht ar an líon teaghaisí a bheidh á gcríochnú trí chistiú ó Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann.
“Tríd an athbhreithniú reatha seo, rinneamar caidreamh fairsing le raon leathan geallsealbhóirí, a thug aiseolas maidir leis an tírdhreach cistiúcháin go ginearálta agus maidir leis an tionchar atá á imirt ag Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann ar an margadh le haghaidh maoiniú forbartha áiteanna cónaithe. Tháinig comhaontú soiléir chun cinn go bhfuil Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann ag imirt ról tábhachtach i rochtain ar mhaoiniú fiachais a sholáthar d’fhorbairtí áiteanna cónaithe nach mbeadh ar fáil ar an margadh murach sin. De bhreis air sin, is é an t-aiseolas ó na geallsealbhóirí uile ná gur cheart do Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann leanúint lena ról sa mhargadh le haghaidh maoiniú forbartha áiteanna cónaithe as seo amach.
“Ag teacht sna sála ar an athbhreithniú seo, is deimhin liom go bhfuil bearnaí cistiúcháin ann fós agus nach mbeidh an acmhainn nó an inghlacthacht goile go fóill ag soláthraithe cistiúcháin atá ann cheana chun soláthar a dhéanamh ar na leibhéil fhoriomlána chistiúcháin a theastaíonn chun tacú go hiomlán leis an bhfás san aschur tithíochta a theastaíonn chun freastal ar an éileamh ionchais ag an am seo. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid san athbhreithniú seo gur cheart do Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann leanúint ar aghaidh ag oibriú ag an am seo, agus athbhreithniú eile le déanamh sa bhliain 2025.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a thug freagra ar an gcomhairliúchán poiblí agus a bhí i mbun caidrimh leis an roinn seo le linn an athbhreithnithe seo. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le Bord agus foireann Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann as an méid a rannchuidigh siad leis an athbhreithniú agus as a n-iarrachtaí leantacha ó lá go lá.”
Dúirt Dara Deering, Príomhfheidhmeannach Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann:
“Léirítear san athbhreithniú seo go bhfuil Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann ag imirt ról suntasach i ndlús a chur leis an soláthar teaghaisí nua ar fud na hÉireann trí aghaidh a thabhairt ar na bearnaí cistiúcháin a bhfuil tógálaithe tithe ag dul i ngleic leo.
“Tá dea-chuntas teiste bunaithe ag Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann maidir le tithe nua agus árasáin nua a chistiú le haghaidh ceannaitheoirí céaduaire, cíosaithe agus daoine a dteastaíonn tithíocht shóisialta uathu, agus táimid ag súil le cur leis an gcuntas teiste sin sna blianta atá le teacht.”
Nótaí
Foilsíodh an chéad athbhreithniú faoi alt 24 i mí na Bealtaine 2021. Cinneadh ann gurbh amhlaidh, le linn an chéad dá bhliain a bhí sé i mbun oibre, a chomhlíon Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann a oibleagáidí faoin Acht um Maoiniú Teaghais-Tógála Éireann agus go raibh tionchar dearfach á imirt aige ar an bhfáil ar mhaoiniú sa mhargadh cistiúcháin forbartha áiteanna cónaithe agus gur cheart dó leanúint ar aghaidh ag oibriú.
Príomhstaitisticí Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann amhail an 30 Aibreán 2023
An cistiú iomlán a ceadaíodh | €1.353 billiún |
An líon teaghaisí ar tacaíodh leo | 6,161 |
An líon saoráidí iasachta a ceadaíodh | 111 |
Meánmhéid na n-iasachtaí | €12.2 milliún |
An meánlíon teaghaisí in aghaidh na scéime | 56 |