Foilsíonn an tAire McGrath measúnú ar fhreagairt fhioscach €12 billiún an Stáit don dúshlán costas maireachtála
- Foilsithe: 6 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- mar thoradh ar mheascán den chur isteach iarphaindéime ar shlabhra an tsoláthair, ar luas tapa an téarnaimh gheilleagraigh agus, rud ba thábhachtaí fós, ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, cuireadh brú aníos ar phraghsanna agus tháinig méadú géar ar an gcostas maireachtála
- dearadh freagairt beartais an rialtais chun cúnamh a thabhairt dóibh sin a bhfuil an cumas is lú acu freagairt agus chun tuilleadh brúnna boilscitheacha a sheachaint ag an am céanna
- **ba shubstaintiúil a bhí an fhreagairt fhioscach fhoriomlán don dúshlán costas maireachtála, agus í cothrom le €12 billiún (4½ faoin gcéad d’ollioncam náisiúnta*), de réir tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Airgeadais inniu**
- tríd is tríd, ba le haistrithe chuig teaghlaigh, lenar áiríodh creidmheasanna leictreachais, a bhain beagnach leath na freagartha fioscaí foriomláine, ba le bearta cánach a bhain aon trian den fhreagairt agus ba le tacaí gnó agus le tacaí caiteachais eile a bhain an chuid eile den fhreagairt
- bhí an fhreagairt fhioscach tráthúil agus forásach agus chuimsigh sí tacaí sealadacha go príomha, ar beag seans go méadóidh siad brúnna boilscitheacha
- **cuireann na bearta costas maireachtála leis an sárleibhéal tacaíochta a tugadh le linn na paindéime. Ar mhaithe le hiomláine, leagtar amach sa doiciméad freisin an costas deiridh ar na tacaí a cuireadh i bhfeidhm le linn na tréimhse 2020-2022. Tugadh tacaíocht fhioscach dhíreach ab fhiú níos mó ná €32 billiún (thart ar 14 faoin gcéad d’ollioncam náisiúnta*) do theaghlaigh agus do ghnólachtaí le linn na paindéime, rud arbh ionann é agus idirghabháil phoiblí nach bhfacthas a leithéid riamh**
Inniu, d’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, measúnú a rinne a roinn ar an bhfreagairt fhioscach don dúshlán costas maireachtála. Is é aidhm na hanailíse breac-chuntas a thabhairt ar na príomhchuspóirí atá le straitéis an rialtais agus an fhreagairt fhioscach a dhoiciméadú agus a chainníochtú.
Ag labhairt dó faoin anailís atá leagtha amach sa tuarascáil, dúirt an tAire McGrath:
“D’fhreagair an Rialtas go cinntitheach agus go héifeachtach don dúshlán costas maireachtála. Ba é an gníomh is déanaí ina leith sin ná an tsraith tacaí ab fhiú €1.3 billiún a fógraíodh i lár mhí Feabhra.
“Soláthraíodh faoiseamh díreach €12 billiún – 4½ faoin gcéad d’ollioncam náisiúnta – cheana féin chun maolú a dhéanamh ar roinnt den tionchar agus ar ualach an bhoilscithe ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí.
“Is gá go mbeadh ár bhfreagairt don dúshlán costas maireachtála difriúil lenár bhfreagairt don phaindéim. Is é an toradh a bheadh ar idirghabhálacha fioscacha míchuí nó iomarcacha ón Rialtas ná boilsciú a mhéadú agus a fhágáil go n-éireodh an beartas fioscach ina chuid den fhadhb. Agus an fhreagairt uaidh á dearadh aige, thug an Rialtas aird ar an méadú i gcostais iasachtaíochta – tá an costas ar airgead 10 mbliana os cionn 2½ faoin gcéad anois i gcomparáid le 0 faoin gcéad, beagnach, le linn na paindéime.
“Thug an Rialtas aird freisin ar an ngá atá ann leis an bhfreagairt beartais a chalabrú ar bhealach nach gcuireann as don aistriú riachtanach chuig an neodracht carbóin.
“In aghaidh an chúlra sin, creidim gur éirigh leis an Rialtas an chothromaíocht chuí a bhaint amach idir tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus gnólachtaí agus gan comhlíonadh príomhchuspóirí fioscacha agus inbhuanaitheachta aeráide a chur i mbaol. Le linn dúinn dul i ngleic le dúshláin an lae inniu, ní mór don Rialtas aird a thabhairt ar a bhfuil i ndán dúinn freisin. San fhadtéarma, mar aon leis an ngá atá ann le freastal ar na costais a bhaineann le hathruithe déimeagrafacha agus leis an ngá atá ann leis na haistrithe glasa agus digiteacha a mhaoiniú, d’fhéadfadh laghdú a bheith ann i bhfáltais chánach ón earnáil chorparáideach sa todhchaí. Fágann sé sin go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh an t-airgeadas poiblí a choinneáil ar chonair inbhuanaithe chun a chinntiú go mbeimid sa riocht is fearr is féidir chun aon dúshláin eacnamaíocha a thiocfaidh chun cinn amach anseo a shárú.”
Freagairt fhioscach don dúshlán costas maireachtálaFreagairt fhioscach don dúshlán costas maireachtála
Nótaí
Tábla 1: Tacaíocht fhioscach de réir pacáiste | |
---|---|
Pacáiste costas maireachtála | € billiún |
Buiséad 2022 | 1.7 |
Pacáiste costas maireachtála tar éis Bhuiséad 2022 | 1.3 |
Pacáiste aonuaire Bhuiséad 2023^ | 4.6 |
Bearta buana Bhuiséad 2023^^ | 3.1 |
Pacáiste costas maireachtála tar éis Bhuiséad 2023 | 1.3 |
IOMLÁN | 12.0 |
Nóta: Is féidir le slánú difear a dhéanamh d’iomláin
^ Ar bhonn glan, measadh gurbh fhiú €4.1 billiún é an pacáiste aonuaire costas maireachtála tráth an Bhuiséid, toisc go rabhthas ag súil leis go gcisteofaí roinnt beart trí choigiltí caiteachais. Baineann na figiúirí leis na suimeanna a measadh tráth Bhuiséad 2023, ach amháin i gcás fhigiúirí na Scéime Sealadaí Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí, a bhí bunaithe ar an meastachán atá leagtha amach sna Meastacháin Athbhreithnithe 2023.
^^ Ní bhaineann sé seo ach amháin le bearta a bhfuil tionchar díreach acu ar bhrúnna costas maireachtála.
Foinse: An Roinn Airgeadais agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.
Tábla 2: Freagairt fhioscach de réir birt | |
---|---|
Beart costas maireachtála | € billiún |
Bearta cánach | 3.9 |
Creidmheasanna leictreachais | 1.6 |
Aistrithe chuig teaghlaigh | 4.2 |
Tacaí caiteachais gnó | 1.5 |
Bearta eile | 0.8 |
IOMLÁN | 12.0 |
Nóta: Is féidir le slánú difear a dhéanamh d’iomláin
Foinse: An Roinn Airgeadais agus an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe.