English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsíonn an tAire McGrath Téarmaí Tagartha na Straitéise Náisiúnta Íocaíochtaí

D’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu (an Mháirt) na téarmaí tagartha don Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí.

Foilsíodh an tAthbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola i mí na Samhna 2022 agus cuimsíodh ann dhá mholadh shoiléire maidir le híocaíochtaí: go bhforbródh an Roinn Airgeadais reachtaíocht um Rochtain ar Airgead Tirim agus go n-ullmhódh sí cinn bhille sa bhliain 2023; agus go stiúrfadh an roinn forbairt Straitéise Náisiúnta Íocaíochtaí sa bhliain 2024.

Ag labhairt dó faoina bhfuil sa Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí, dúirt an tAire McGrath:

“Leis an straitéis, leagfar treochlár amach le haghaidh éabhlóid an chórais íocaíochtaí ina iomláine sa todhchaí, agus aird á tabhairt ar fhorbairtí in íocaíochtaí digiteacha agus in úsáid airgid thirim agus ar conas ba cheart athruithe sa todhchaí a dhéanamh ar na critéir reachtacha maidir le Rochtain ar Airgead Tirim.”

Leagadh an beartas náisiúnta deireanach sa réimse seo amach sa Phlean Náisiúnta Íocaíochtaí sa bhliain 2013 agus is amhlaidh ón uair sin i leith atá athrú suntasach tagtha ar an tírdhreach íocaíochtaí in Éirinn. Tháinig laghdú ar an líon banc atá ag freastal ar an earnáil ó 12 cheann go trí cinn de réir mar a rinneadh bainc a chónascadh nó a dhúnadh nó de réir mar a scoir bainc faoi úinéireacht eachtrach de mhargadh miondíola na hÉireann. Chomh maith leis sin, tháinig luathú suntasach ar fhorbairtí teicneolaíochta, agus cuireadh dlús leis an nglacadh leis an teicneolaíocht sin le paindéim COVID-19. Dá bharr sin, tháinig laghdú ar an méid a úsáidtear airgead tirim.

Dá bhrí sin, is tráthúil anois straitéis nua a fhorbairt lena gcuirfear an tírdhreach athraitheach sin san áireamh agus lena gcinnfear conas is fearr dul in oiriúint dó. Cuirfear san áireamh sa Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí freisin tírdhreach reachtach an Aontais Eorpaigh. Áireofar leis sin tograí atá ann cheana maidir le híocaíochtaí meandracha mar aon leis na tograí a bhfuiltear ag súil leo maidir le seirbhísí íocaíochta, le hairgead dlíthairgthe agus leis an Euro Digiteach.

Príomhghné den obair a bheidh sa chalaois a scrúdú agus a anailísiú. Is saincheist chriticiúil í an chalaois agus níor breithníodh í tráth ullmhú an Phlean Náisiúnta Íocaíochtaí. Cé go rialaítear an-chuid den ní sin le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, tá sé tábhachtach go ndéanfaí scrúdú agus anailís sa Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí ar chalaois íocaíochtaí chun a fháil amach an féidir nó nach féidir léi teacht ar bhearta intíre breise a d’fhéadfaí a dhéanamh chun calaois a chosc. Chuige sin, is ar bun cheana féin sa roinn atá obair ar an tuiscint airgeadais, rud a leagadh amach i moladh leithleach ón Athbhreithniú ar Bhaincéireacht Mhiondíola.

Ar deireadh, tá dhá shaincheist idirghaolmhara á n-iniúchadh sa Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí: an rochtain ar airgead tirim; agus an glacadh le hairgead tirim.

Maidir leis an rochtain ar airgead tirim, breithneofar sa Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí an éabhlóid is dóigh a thiocfaidh ar úsáid airgid thirim agus conas ba cheart na critéir le haghaidh rochtain réasúnach ar airgead tirim a éabhlóidiú de réir mar a athraíonn úsáid airgid thirim le himeacht ama, ar critéir iad a leagfar amach sa reachtaíocht um Rochtain ar Airgead Tirim. Leis an reachtaíocht, socrófar na critéir chun a chinntiú go bhfanfaidh an rochtain ar airgead tirim ag leibhéil mhí na Nollag 2022, a bheag nó a mhór, i dtús báire.

Is leis sin a ghabhann gá lena chinntiú go mbeifear in ann glacadh le hairgead tirim mar mhodh íocaíochta i gcás gur féidir. Iniúchfar sa Straitéis Náisiúnta Íocaíochtaí, dá bhrí sin, an tsaincheist a bhaineann leis an nglacadh le hairgead tirim agus breithneofar inti, i measc nithe eile, ar cheart nó nár cheart reachtaíocht a thabhairt isteach chun ceangal a chur ar earnálacha áirithe nó ar fho-earnálacha áirithe glacadh le hairgead tirim nó an glacadh le hairgead tirim a éascú; agus ar cheart nó nár cheart é a bheith de bheartas ceangal a chur ar an tseirbhís phoiblí glacadh le hairgead tirim nó an glacadh le hairgead tirim a éascú.

Nasc chuig na Téarmaí Tagartha: Téarmaí Tagartha na Straitéise Náisiúnta Íocaíochtaí 2024.