Foilsíonn an tAire McGrath treochlár le haghaidh díolúine ó rannpháirtíocht a thabhairt isteach maidir le Cáin Chorparáide na hÉireann
- Foilsithe: 14 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu (an Déardaoin) Treochlár le haghaidh Díolúine ó Rannpháirtíocht a Thabhairt Isteach maidir le Cáin Chorparáide na hÉireann, lena n-áirítear comhairliúchán teicniúil chun eolas a dhéanamh don obair deartha leanúnach.
Sa treochlár, leagtar amlíne amach le haghaidh díolúine ó rannpháirtíocht a thabhairt isteach do dhíbhinní, mar aon leis na chéad chéimeanna eile i dtreo thabhairt isteach bheartaithe na díolúine ó rannpháirtíocht do bhrabús ó bhrainsí eachtracha sa Bhille Airgeadais a fhoilseofar i bhfómhar na bliana 2024.
Ag foilsiú an treochláir agus an chomhairliúcháin mhionsonraithe dó inniu, dúirt an tAire McGrath:
“Tá ríméad orm a fhógairt gur foilsíodh an treochlár seo, rud ina leagtar amlíne amach le haghaidh díolúine ó rannpháirtíocht a thabhairt isteach do dhíbhinní de thionscnamh eachtrach maidir le córas cánach corparáidí na hÉireann.
“Tá Éire tiomanta dá chinntiú gurb iomaíoch agus tarraingteach don infheistíocht gnó atá ár gcód cánach corparáide, agus comhsheasmhacht leis na dea-chleachtais idirnáisiúnta á coinneáil ar bun ag an am céanna. Tá an tírdhreach cánach corparáide ar fud an domhain ag dul faoi thréimhse chomhchruinnithe athruithe le blianta beaga anuas, agus í ag teacht den chuid is mó as aschuir thionscadal ECFE/G20 ar Chreimeadh Bonn agus Aistriú Brabúis. Rud ba dhéanaí fós, b’amhlaidh i mí Dheireadh Fómhair 2021 a bhí Éire i measc 140 ceann, beagnach, de dhlínsí a chláraigh don “Réiteach Dhá Cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair” ó ECFE. Dúradh gur comhaontú é sin nach dtarlaíonn ach uair amháin in aghaidh na glúine agus gurb é an buaicphointe den phróiseas um athchóiriú cánach idirnáisiúnta a tosaíodh breis agus deich mbliana ó shin é.
“Is é an toradh atá ar na hathchóirithe sin ná gur cuireadh bearta éagsúla nua leis an gcód cánach corparáide, agus iad le forlíonadh sa Bhille Airgeadais, 2023, ag reachtaíocht nua fhairsing chun Colún a Dó de chomhaontú ECFE a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, is é an toradh a bheidh ar dhíolúine ó rannpháirtíocht a thabhairt isteach do dhíbhinní eachtracha maidir le córas cánach na hÉireann ná go soláthrófar simpliú riaracháin a theastaíonn go géar agus tuilleadh cinnteachta do ghnólachtaí, agus córas cánach a bheidh láidir agus éifeachtach á chinntiú fós ag an am céanna. Beidh sé ina athrú suntasach ar cháin chorparáide na hÉireann agus, dar liomsa, beidh sé ina athrú a thacóidh le hiomaíochas na hÉireann sna blianta atá le teacht.”
Nótaí
Treochlár
Sa treochlár, leagtar gealltanais éagsúla amach le haghaidh díolúine ó rannpháirtíocht a thabhairt isteach do dhíbhinní de thionscnamh eachtrach sa Bhille Airgeadais, 2024, ag tosú le comhairliúchán teicniúil a sheoladh inniu. Beidh an tréimhse comhairliúcháin ar siúl ón lá inniu go dtí an 13 Nollaig 2023. Tar éis na freagraí a bhreithniú, agus tar éis tuilleadh caidrimh le geallsealbhóirí de réir mar is gá i dtús na bliana 2024, tá sé beartaithe go bhfoilseofar an chéad Ráiteas faoi Aiseolas faoi dheireadh mhí an Mhárta 2024 chun dréachtchineálacha cur chuige i leith na reachtaíochta a leagan amach agus chun comhairliúchán teicniúil mionsonraithe a éascú. Dá mbeadh gá leis, d’éascófaí dara Ráiteas faoi Aiseolas i mí Iúil 2024 sula dtabharfaí isteach an reachtaíocht le haghaidh díolúine ó rannpháirtíocht do dhíbhinní de thionscnamh eachtrach sa Bhille Airgeadais, 2024, atá le teacht in éifeacht sa bhliain 2025.
Comhairliúchán teicniúil
Áirítear leis an gcomhairliúchán teicniúil 53 cheist lena gcumhdaítear dearadh struchtúrach aon chórais díolúine ó rannpháirtíocht do dhíbhinní, mar aon le leasuithe iarmhartacha eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun freastal ar an gcóras díolúine nua.
Áirítear leis freisin ocht gceist lena lorgaítear tuilleadh faisnéise maidir le díolúine fhéideartha do bhrabús ó bhrainsí eachtracha, chun eolas a dhéanamh do thuilleadh breithnithe ar fhiúntais bheartais an togra seo.