Foilsíonn an tAire Stáit Carroll MacNeill an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ don bhliain 2022
- Foilsithe: 19 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ag teacht sna sála ar bhreithniú a rinneadh sa Rialtas le déanaí, d’fhoilsigh an Dr Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, an tuarascáil ar dhul chun cinn ar an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ don bhliain 2022.
Sa Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn, tugtar an t-eolas is deireanaí ar an 11 bheart gnímh a bhí le tuairisciú anuraidh faoin straitéis ‘Éire d’Airgeadas’. Díríodh na gníomhartha ar chúig théama na straitéise, mar atá teicneolaíocht airgeadais; airgeadas inbhuanaithe; éagsúlacht agus tallann; réigiúnú agus cur chun cinn; agus timpeallacht oibriúcháin. Dar le meastacháin ó GFT Éireann agus ó Fhiontraíocht Éireann, shroich an fhostaíocht san earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta an líon fostaithe ab airde riamh, agus breis agus 56,000 duine ag obair i ngníomhaíochtaí éagsúla laistigh den earnáil.
Áirítear na nithe seo a leanas le roinnt éachtaí suntasacha sa tuarascáil ar dhul chun cinn ar an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ don bhliain 2022:
- seoladh Cairt na hÉireann um Mná san Airgeadas – tionscnamh atá faoi stiúir ag an tionscal
- soláthraíodh an Fóram Airgeadais Eorpach
- forbraíodh acmhainní oideachasúla do thomhaltóirí chun tacú leo gabháil don teicneolaíocht airgeadais
- bunaíodh Éire mar mhol Aontais Eorpaigh le haghaidh teicneolaíocht árachais
Ag labhairt di faoi fhoilsiú na Tuarascála ar Dhul Chun Cinn don bhliain 2022, dúirt an Dr Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht speisialta as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas:
“Bliain ghnóthach don straitéis um sheirbhísí airgeadais idirnáisiúnta a bhí sa bhliain seo caite, toisc an Nuashonrú ar an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’ a bheith seolta i mí Dheireadh Fómhair anuraidh. Rinneadh dea-dhul chun cinn ar ghníomhartha na bliana 2022. Is é an rud a bhfuilim ag díriú air anois ná na haschuir chomhaontaithe don bhliain 2023 a bhaint amach mar chuid den Phlean Gníomhaíochta ‘Éire d’Airgeadas’, 2023, agus díriú á chur ag an am céanna ar na príomhréimsí inar féidir leis an earnáil phoiblí agus leis an earnáil phríobháideach obair le chéile a shainaithint chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar lorg na seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta a dhoimhniú laistigh de gheilleagar na hÉireann don bhliain atá le teacht.”
Nótaí
Faisnéis faoin straitéis ‘Éire d’Airgeadas’
I mí Aibreáin 2019, sheol Rialtas na hÉireann an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’. Is í an straitéis uile-rialtais uaidh le haghaidh tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta in Éirinn í. Is í fís na straitéise ná go mbeadh Éire ina scothláthair roghnaithe le haghaidh sainseirbhísí airgeadais idirnáisiúnta. Nuashonraíodh an straitéis i mí Dheireadh Fómhair 2022 chun forbairtí a tharla ó seoladh í sa bhliain 2019 i leith a chur san áireamh, go háirithe na forbairtí sin in airgeadas inbhuanaithe agus i dteicneolaíocht airgeadais agus airgeadas digiteach. Tá cúig théama ag an straitéis: airgeadas inbhuanaithe; teicneolaíocht airgeadais agus airgeadas digiteach; éagsúlacht agus tallann; réigiúnú agus cur chun cinn; agus timpeallacht oibriúcháin. Cuirtear chun feidhme í trí phleananna gníomhaíochta bliantúla agus trí chruinnithe ráithiúla an Chomhchoiste ‘Éire d’Airgeadas’.