English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Foilsítear léarscáileanna forlíontacha de thalamh criosaithe le haghaidh na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe

  • sainaithníodh talamh breise a thagann faoi raon feidhme na cánach
  • is é Déardaoin an 1 Meitheamh 2023 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí a chur chuig údaráis áitiúla
  • tá sé measta nach ndéantar ach an séú cuid de thalamh cónaí-chriosaithe a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta le linn an Phlean Forbartha sé bliana de chuid aon údaráis áitiúil

D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, agus Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, inniu (Dé Luain) gur fhoilsigh roinnt údarás áitiúil Léarscáileanna Forlíontacha de Thalamh Cónaí-Chriosaithe mar chuid de chur chun feidhme na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe.

Sna Léarscáileanna Forlíontacha sin, sainaithnítear tailte breise, bíodh tailte criosaithe cónaithe nó tailte úsáide measctha iontu, a d’fhéadfadh a bheith faoi réir na cánach sin. Táthar ag moladh d’úinéirí talún Léarscáil Fhorlíontach a n-údaráis áitiúil a sheiceáil chun a fháil amach an bhfuil feidhm aici leo nó nach bhfuil.

Tá beart na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe ina chuid thábhachtach den chonair i dtreo an soláthar tithíochta nua a mhéadú, rud a cuimsíodh sa phlean ‘Tithíocht do Chách’ ón rialtas go dtí an bhliain 2030.

Is é aidhm na cánach, a mbeidh feidhm aici ón mbliain 2024 ar aghaidh maidir le talamh iomchuí ag ráta 3% den mhargadhluach, ná talamh a ghníomhachtú le haghaidh forbairt áiteanna cónaithe ar fud na tíre, in ionad ioncam a chruinniú.

Ag labhairt dó tar éis fhoilsiú na Léarscáileanna Forlíontacha le haghaidh na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe, dúirt an tAire McGrath:

“Fáiltím roimh fhoilsiú na Léarscáileanna Forlíontacha le haghaidh na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe. Is céim thábhachtach í seo de phróiseas cur chun feidhme na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe trínarb amhlaidh, tar éis fhoilsiú na ndréachtléarscáileanna, a shainaithin roinnt údarás áitiúil agus tríú páirtithe talamh breise a thagann faoi raon feidhme na cánach. Ba cheart d’úinéirí talún a bhfuil a dtalamh ar áireamh i Léarscáil Fhorlíontach an léarscáil a athbhreithniú anois, a bhreithniú an gcomhlíonann a dtalamh na critéir le haghaidh é a chur ar áireamh inti nó nach gcomhlíonann, agus aighneachtaí a dhéanamh chuig a n-údarás áitiúil dá réir. Cé gur féidir go mbeidh siad ar an léarscáil, ní bheidh maoine cónaithe faoi dhliteanas i leith na cánach má tá siad faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla.

“I mí na Nollag 2023, ullmhóidh údaráis áitiúla léarscáileanna deiridh ina sainaithneofar an talamh atá laistigh den raon feidhme. Athbhreithneofar an léarscáil deiridh gach bliain ón mbliain 2025 ar aghaidh.

“Teastaíonn ó Éirinn soláthar méadaithe tithíochta chun freastal ar ár riachtanais tithíochta. Tá sé mar aidhm leis an gCáin Talún Cónaí-Chriosaithe úinéirí talún a dhreasú chun talamh forbraíochta cónaithe atá ann cheana atá criosaithe agus seirbhísithe a ghníomhachtú le haghaidh tithíocht a sholáthar ar thailte sainaitheanta, agus níos mó teaghaisí á dtógáil dá barr.

“Mheabhróinn d’úinéirí talún a thabhairt faoi deara gurb é an 1 Meitheamh an dáta deiridh ar a bhféadfadh siad aighneacht a dhéanamh chuig a n-údarás áitiúil maidir lena dtailte a bheith ar áireamh, nó gan a bheith ar áireamh, sa Léarscáil Fhorlíontach nó ar a bhféadfadh siad criosú talún a iarraidh.”

Ag labhairt dó faoi fhoilsiú na Léarscáileanna Forlíontacha le haghaidh na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe, dúirt an tAire O’Brien:

“Tá sé measta nach ndéantar ach an séú cuid de thalamh cónaí-chriosaithe a ghníomhachtú le haghaidh tithíochta le linn na tréimhse Plean Forbartha sé bliana de chuid aon údaráis áitiúil. Teastaíonn uainn a fheiceáil go bhfuil níos mó talún oiriúnaí atá seirbhísithe agus ar fáil le haghaidh tithíochta á saothrú le haghaidh teaghaisí a sholáthar. Tá deis ag úinéirí talún anois aighneachtaí a dhéanamh chuig a n-údarás áitiúil, agus gan aird a bheith á tabhairt acu ach do na léarscáileanna forlíontacha agus dóibh sin amháin, má tá siad den tuairim nach dtagann a dtalamh faoi raon feidhme na cánach nó más mian leo athchriosú a dtalún a iarraidh. Is é atá i bhfoilsiú na Léarscáileanna Forlíontacha ná céim thábhachtach sa phróiseas arb é atá ann an beart seo a thabhairt isteach, agus é ina phríomhghníomh de Thithíocht do Chách agus dírithe ar an soláthar tithíochta a mhéadú.

“I dteannta an tionscnaimh Comhroinnte Luacha Talún agus athchóiriú an chórais pleanála, tá an rialtas á chinntiú go mbeidh cur chuige níos cothroime ann i leith bainistíocht talún agus go dtógfar tithíocht ar bhonn níos tapa agus gan aon chostais amhantracha neamhriachtanacha ó mhíbhainistíocht talún.”

Ní bheidh ar úinéirí tí an Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe a íoc má tá teaghais acu atá le feiceáil ar Léarscáileanna na n-údarás áitiúil le haghaidh na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe, i gcás go bhfuil an mhaoin faoi réir na Cánach Maoine Áitiúla. Má tá teaghais den sórt sin ag úinéir tí, áit ar mó an talamh/na gairdíní/na clóis atá ceangailte léi ná 0.4047 heicteár (1 acra), beidh air/uirthi clárú le haghaidh na Cánach Talún Cónaí-Chriosaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh sé/sí faoi dhliteanas i leith an cháin a íoc. Beifear in ann clárú ó na míonna deiridh den bhliain 2023 ar aghaidh.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gCáin Talún Cónaí-Chriosaithe a fháil anseo: Item was unpublished or removed.

An Cháin Talún Cónaí-Chriosaithe: Amlíne agus próiseas