Forás tréan maidir le hioncam agus caiteachas, de réir mar a bhí á thuar, le sonrú ar thoradh an Ráithe Tosaigh den bhliain 2019
- Foilsithe: 2 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Aibreán 2025
Gnóthachtáil mhaith maidir le cáin na bliana agus bainistíocht de réir mar a bhí leagtha amach le sonrú ar thorthaí R1 2019
- Easnamh €966 milliún a bhí de thoradh maidir leis an Státchiste i ráithe tosaigh na bliana 2019, feabhsú €149 milliún i gcomparáid le ráithe tosaigh na bliana seo caite agus €411 milliún níos fearr ná mar a bhí á mheas.
- Feictear ar Thuairisceán an Státchiste a foilsíodh inniu go bhfuil ardú €843 milliún (7.1 faoin gcéad) i gcomparáid leis an mbliain seo caite ar na fáltais chánachais i ráithe tosaigh na bliana 2019 agus bonn treise faoi sin nuair atá gnóthaí eacnamaíochta go maith;
- Tá bainistíocht de réir mar a bhí leagtha amach á dhéanamh ar an ollchaiteachas vótáilte atá 6.6 faoin gcéad nó €932 milliún níos airde ná mar a bhí i rith ráithe tosaigh na bliana seo caite, léiriú ar dhúthracht leanúnach an Rialtais maidir le hinfheistíocht a dhéanamh sna seirbhísí poiblí agus san infreastruchtúr poiblí chun riachtanais an phobail a shásamh.
Ag labhairt dó faoi fhigiúirí an Státchiste inniu (Dé Máirt), dúirt Paschal Donohoe T.D., an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:
“Táthar ag cruthú go maith maidir leis na ceannteidil cánachais ar fad, léiriú ar bhorradh leathan inmharthanach a bheith faoi chúrsaí eacnamaíochta. Tá bainistíocht á dhéanamh ar an gcaiteachas de réir mar a bhí leagtha amach agus tá an caiteachas sin níos airde ná mar a bhí anuraidh. Is ar an gcaoi sin a dhéantar soláthar do mhaoiniú na seirbhísí poiblí agus don infheistíocht a chuirfidh leis an acmhainn foráis sa tír agus a thabharfaidh faoi na príomhchonstaicí infreastruchúir. Ardú 6.6% a bhí ar an ollchaiteachas ar feadh na ráithe i gcomórtas le ráithe tosaigh na bliana seo caite. Is léir ar thorthaí na ráithe tosaigh go bhfuil tús maith ar an mbliain agus cuirfidh sin bonn faoin obair maidir leis na spriocanna fioscacha bliantúla a thabhairt i gcrích. Ina ainneoin sin, d'fhéadfadh deacrachtaí ionchais, Brexit san áireamh, a bheith i ndán agus dá réir sin, leanfaidh an Rialtas seo den mhaoirseacht chúramach ar ghnóthaí airgeadais poiblí na tíre.”