English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann ainmnithe ag an Aire Airgeadais ar Bhord Feidhmiúcháin ECB

Chuir an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, a chinneadh an tOllamh Philip Lane, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, a ainmniú chuig an bpost ina Leas-Uachtarán ar Bhanc Ceannais na hEorpa in iúl don Rialtas inniu.

Mar gheall ar an dea-cháil atá ar an Ollamh Lane agus an méid atá bainte amach aige ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, airgeadais agus déanta beartas, beidh áit ar Bhord Feidhmiúcháin Bhanc Ceannais na hEorpa an-oiriúnach dó.

Léiríonn a cheapachán ina Chathaoirleach ar Thascfhórsa Ardleibhéil an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach maidir le Sócmhainní Sábháilte (ESRB) anuraidh, an Chathaoirleacht a bhí aige roimhe sin ar Choiste Comhairleach Eolaíoch an ESRB agus a phost reatha ina Chathaoirleach ar Choiste Comhairle Teicniúil an ESRB an meas mór atá air ar fud na hEorpa.

Dúirt an tAire Donohoe:

"Dúirt mé nuair a bheadh agus dá mbeadh Éire ag cur iarrthóir chun cinn chuig Bord Feidhmiúcháin an ECB, gur duine a mbeadh cáilíochtaí den scoth bainte amach aige a bheadh sa duine sin. Níl aon dabht ach gur duine den chineál sin an Gobharnóir Lane a bhfuil an mianach agus an stádas sin aige.

CRÍOCH

Dé Máirt an 30 Eanáir 2018

Nóta d’Eagarthóirí

1. Ag cruinniú an Ghrúpa Euro d'Airí Airgeadais an Limistéir Euro an 22 Eanáir, thionscain Uachtarán an Ghrúpa Euro an nós imeachta chun Leas-Uachtarán nua ar Bhanc Ceannais na hEorpa a cheapadh nuair a d'fhógair sé gairm ar iarrthóirí. Tiocfaidh deireadh le seal oifige Vítor Constâncio an 31 Bealtaine 2018. Ní bheidh comhaltaí eile an bhoird le ceapadh go dtí 2019. Maidir le post an Leas-Uachtaráin, aontóidh an Grúpa Euro iarrthóir an 19 Feabhra agus glacfaidh ECOFIN le moladh foirmeálta chuig Comhairle na hEorpa an 20 Feabhra. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa agus Banc Ceannais na hEorpa a dtuairimí ar an té a bheidh molta ina dhiaidh sin agus tá sé i gceist an ceapachán a aontú i gComhairle na hEorpa an 22 Márta. Rachaidh an Leas-Uachtarán nua i mbun an phoist an 1 Meitheamh 2018.

Beathaisnéis Philip Lane

Is é Philip R. Lane an tOllamh Whately le hEacnamaíocht Pholaitiúil (ar saoire) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is é Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann é agus tá sé ar Chomhairle Rialaithe an ECB. Is comhalta ex-officio é den Bhord Ginearálta, Cathaoirleach ar Choiste Comhairle Teicniúil agus ar Choiste Stiúrtha an ESRB. Bhain sé PhD san Eacnamaíocht amach i Harvard i 1995 agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le hEacnamaíocht agus Gnóthaí Idirnáisiúnta in Ollscoil Columbia idir 1995 agus 1997 sular fhill sé ar Bhaile Átha Cliath.

Ar na réimsí taighde a bhfuil spéis aige iontu, áirítear domhandú airgeadais, maicreacnamaíocht rátaí malairte agus sreafaí caipitil, beartais maicreacnamaíoch a leagan amach agus comhtháthú airgeadaíochta san Eoraip. Tá a shaothar foilsithe san American Economic Review, sa Review of Economics and Statistics, sa Journal of International Economics, NBER Macroeconomics Annual agus go leor irisí eile.

In 2001, bronnadh chéad Ghradam Bernacer na Gearmáine air in Eacnamaíocht Airgeadaíochta mar gheall ar an méid oibre atá déanta aige i gcúrsaí eacnamaíochta airgeadaíochta Eorpaí; in 2010 bhí sé ar dhuine de bheirt ar bronnadh Duais Bhagwati an Journal of International Economics orthu. Is ánra taighde é san Ionad Taighde ar Bheartais Eacnamaíochta (CEPR); bhí sé ina Stiúrthóir roimhe seo ar Chlár Maicreacnamaíochta agus Airgeadais Idirnáisiúnta an Ionaid.

Bhí sé ina chomhairleoir acadúil ag Banc Ceannais na hEorpa, ag an gCoimisiún Eorpach, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag an mBanc Domhanda, ag Banc Forbartha na hÁise agus roinnt banc ceannais náisiúnta eile. Is comhalta é chomh maith d'Acadamh Ríoga na hÉireann.