Léiríonn figiúirí Státchiste don chéad leath den bhliain 2019 fás láidir ar an ngeilleagar & caiteachas atá ag teacht lena rabhthas ag súil leis
- Foilsithe: 2 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Léiríonn deireadh Ráithe 2 fás cánach bliantúil i measc na mórtheideal cánach uile agus caiteachas atá á bhainistiú agus atá ag teacht lena rabhthas ag súil leis
- Rinne an Státchiste taifead ar bharrachas €260 milliún sa chéad leath den bhliain 2019, arb ionann sin agus feabhas €1.1 billiún ó thaobh figiúirí bliain ar bhliain de.
- Léiríonn Tuairisceán Státchiste an lae inniu go bhfuil méadú €1.7 (6.9%) bliain ar bhliain ar fháltais chánach na chéad ráithe den bhliain 2019 agus geilleagar láidir taobh thiar díobh.
- Tá an t-ollchaiteachas vótáilte á bhainistiú faoi mar a bhíothas ag súil leis, agus mhéadaigh sé faoi 5.9% nó €1.7 billiún i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, rud a léiríonn tiomantas leanúnach an Rialtais infheistíocht a dhéanamh inár seirbhísí poiblí agus inár mbonneagar chun freastal ar riachtanais an phobail.
Maidir leis na figiúirí Státchiste, dúirt an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD inniu, Dé Máirt:
"Fáiltím roimh thuairisceán Státchiste an lae inniu don chéad leath den bhliain 2019 ina léirítear feidhmíocht láidir a bhfuil geilleagar láidir taobh thiar di. Is ionann sin agus bonn láidir ioncaim a bhfuil soláthar seirbhísí poiblí agus infheistíocht i bpríomh-bhonneagar á maoiniú aige. Cuirfidh figiúirí an lae inniu bonn faoi réamhaisnéisí cánach lá an Bhuiséid a bhaint amach faoi dheireadh na bliana."
"D'fheidhmigh ioncaim chánach go láidir agus is ionann iad, ag €26.7 billiún, agus méadú 6.9% bliain ar bhliain, rud atá go mór de réir mar a bhíothas ag súil leis. Bhí fás bliantúil ar nach mór na ceannteidil chánach uile, rud a léiríonn nádúr leathan an téarnaimh."
"Ó thaobh cúrsaí caiteachais de, tá an t-ollchaiteachas vótáilte €31.3 billiún á bhainistiú faoi mar a bhíothas ag súil leis agus léiríonn sé fás bliantúil 5.9%, rud a léiríonn tiomantas an Rialtais seirbhísí agus bonneagar a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar dhúshláin ríthábhachtacha shóisialta agus eacnamaíochta."
"Cuireann an táirgeacht fhioscach seo ardán maith ar fáil don chuid eile den bhliain. Táimid fós airdeallach, áfach, maidir leis na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith romhainn, an Breatimeacht ina measc. Leanfaimid den bhainistiú cúramach a dhéanamh ar airgeadais phoiblí, lena n-áireofar an bhéim ar ualach ár bhfiachais a laghdú agus ar pholasaithe bunaithe ar iomaíochas."
CRÍOCH
Teagmháil:
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667