English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léirithe spéise sa ról mar Stiúrthóir ar an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha

Tá Michael McGrath, an tAire Airgeadais, ag iarraidh Léirithe Spéise ar iarrthóirí atá cáilithe go cuí sa ról mar Stiúrthóir na hÉireann ar an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, atá lonnaithe i Londain. Is ról tábhachtach íoctha a bhfuil ualach trom oibre ag gabháil leis é ról an Stiúrthóra. Is post cónaithe lánaimseartha é, agus tá sé lonnaithe ag ceanncheathrú an Bhainc i Londain.

Tuilleadh faisnéise faoin gceapachán, faoi na critéir iomchuí atá le comhlíonadh agus faoi conas spéis a léiriú sa phost.

Táthar ag súil leis go ndéanfaidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ainmní an Aire a cheapadh, le comhaontú ó thíortha comhpháirtíochta Toghcheantair na hÉireann, ar feadh téarma trí bliana ón 1 Lúnasa 2024.

Dúirt an tAire McGrath:

“Is deis chorraitheach é seo chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn (agus ár gcomhpháirtithe Toghcheantair – an Danmhairg, an Liotuáin agus an Chosaiv) mar Stiúrthóir ar Bhord an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha a dhéanfaidh formhaoirseacht ar cheapadh beartais agus rialachas an Bhainc. Is Institiúid Airgeadais Idirnáisiúnta uathúil é an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, agus tacaíonn sé le tionscadail ar fud trí ilchríoch. Trí infheistiú i dtionscadail nach n-íocfadh an margadh go hiomlán astu ar shlí eile, cuireann an Banc fiontraíocht chun cinn agus cothaíonn sé aistriú i dtreo geilleagair mhargaidh oscailte inbhuanaithe. Táim ag iarraidh a chinntiú go sealbhóidh ár n-ionadaí Éireannach an cumas, an t-eolas, an fhís agus an taithí chun rannchuidiú suntasach a dhéanamh leis an mBord agus go gcuirfidh sé nó sí raon scileanna agus dearcthaí éagsúla le pléití an Bhoird.

“Teastóidh ó m’ainmní an-inniúlacht i ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais. Is féidir leis an saineolas teacht as éachtaí suntasacha san earnáil chorparáideach nó airgeadais, sa saol acadúil, in institiúidí beartasdírithe nó sa tseirbhís phoiblí. Rud tábhachtach, beidh ag m’ainmní na caighdeáin eitice is airde, braistint láidir gairmiúlachta agus tiomantais, agus díograis chun freastal ar leasanna na scairshealbhóirí uile. Beidh m’ainmní in ann freisin é nó í féin a chur ar fáil go réidh don Bhord i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.”

Glacfar le léirithe spéise suas go 5pm an 5 Aibreán 2024.