Labhraíonn an tAire Chambers faoi fhoilsiú na gcuntas náisiúnta ráithiúil
- Foilsithe: 5 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Tháinig laghdú 0.5 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é – i gcoibhneas leis an ráithe roimhe, ach bhí sé fós cothrom le méadú 1.5 faoin gcéad ar bhonn bliantúil.
- Tháinig méadú 1.1 faoin gcéad ar chaiteachas tomhaltóirí sa dara ráithe, agus é cothrom le méadú 1.3 faoin gcéad ar bhonn bliantúil.
- Tháinig laghdú 1.0 faoin gcéad ar OTI sa dara ráithe agus tháinig laghdú 4.0 faoin gcéad air ar bhonn bliantúil, rud a léiríonn luaineacht leantach san earnáil ilnáisiúnta.
Inniu (an 5 Meán Fómhair), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Ráithiúla don dara ráithe den bhliain 2024.
Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Jack Chambers TD, an tAire Airgeadais:
“Cé go n-aithním an laghdú ar OTI sa dara ráithe den bhliain, níl OTI ina thomhas úsáideach maidir le measúnú a dhéanamh ar chaighdeáin mhaireachtála cónaitheoirí intíre, mar gheall ar an ról ollmhór a imríonn an earnáil ilnáisiúnta inár ngeilleagar. Tá an laghdú ar OTI ina léiriú ar chineál luaineach na gníomhaíochta san earnáil ilnáisiúnta.
“I gcás an gheilleagair intíre, tháinig laghdú ar Éileamh Modhnaithe Intíre – an mhéadracht is fearr liom a úsáid chun feidhmíocht gheilleagrach na hÉireann a thomhas – ar bhonn ráithiúil, ach tháinig fás dearfach 1.5 faoin gcéad air ar bhonn bliantúil.
“Tá áthas orm a fheiceáil gur rannchuidigh caiteachas tomhaltóirí go dearfach leis an bhfás sin, agus méadú 1.3 faoin gcéad ag teacht ar thomhaltas ar bhonn bliantúil. Léiríonn an fás ar chaiteachas tomhaltóirí, na figiúirí láidre státchiste a eisíodh inné agus neart ár margaidh saothair an riocht measartha sláintiúil atá ar ár ngeilleagar intíre faoi láthair.
“Ag breathnú romhainn, tá maolú suntasach tar éis teacht ar bhoilsciú, agus meastar go mbeidh sé ar chonair chobhsaí sa ghearrthéarma. Cabhróidh sé sin le fíorioncaim a mhéadú, rud ar cheart go dtacódh sé le tuilleadh fáis ar ár ngeilleagar intíre sa dara leath den bhliain.
“Foilseoidh mo Roinn réamhaisnéisí nuashonraithe maicreacnamaíocha agus fioscacha mar chuid den Bhuiséad go luath an mhí seo chugainn. Cinnteofar le Buiséad 2025 go leanfaimid le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh, oibrithe agus gnólachtaí agus le hinfheistiú inár seirbhísí poiblí agus inár mbonneagar poiblí chun sinn a ullmhú do na dúshláin atá romhainn faoi láthair agus a bheidh romhainn sa todhchaí.”
Críoch
Nóta d’eagarthóirí:
Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.