English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Laghdaítear an Tobhach Réitigh ar an Earnáil Comhar Creidmheasa faoina leath

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 29 Meán Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 1 Feabhra 2024

Tá sé fógartha ag an Aire Airgeadais inniu go laghdófar an Tobhach Réitigh ar Fhorais Chreidmheasa don bhliain 2024 go €2.5 milliún, cothrom le laghdú 50% ó €5 mhilliún sa bhliain 2023.

Ag labhairt di faoin mbeart dearfach sin, dúirt Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas:

“Is ceart an Tobhach Réitigh a laghdú faoina leath go €2.5 milliún, agus cabhróidh sé sin le costais a laghdú do Chomhair Chreidmheasa áitiúla a sholáthraíonn seirbhísí airgeadais ríthábhachtacha do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud na tíre.

“Rinneadh an laghdú seo ar an ráta tobhaigh ar an mbonn go ndéanfaidh oifigigh sa Roinn Airgeadais athbhreithniú substaintiúil ar an Tobhach Réitigh agus ar an Tobhach Cobhsúcháin araon sa bhliain 2024.

“Rud suntasach, ní dhéanfaidh an laghdú tobhaigh aon difear don Chiste Réitigh féin, rud atá ar an mbealach ceart go fóill chun an spriocmhéid €65 mhilliún a bhaint amach sa bhliain 2025.”

Socrófar an ráta tobhaigh ag 0.012007% de luach na sócmhainní, agus é sin níos ísle ná an ráta 0.024725% sa bhliain 2023. A bhuí leis an Tobhach Réitigh, méadófar méid an Chiste Réitigh faoi €2.5 milliún in aghaidh na bliana.

Ag teacht sna sála ar an bpróiseas comhairliúcháin reachtúil, shínigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, na Rialacháin um Thobhach an Chiste Réitigh Foras Creidmheasa ina ndlí.

Tá an Ciste Réitigh ina bhábhún dea-chaipitlithe do chomhair chreidmheasa agus dá gcomhaltaí go fóill.


Nótaí

An Ciste Réitigh

Le hAcht an Bhainc Ceannais agus na bhForas Creidmheasa (Réiteach), 2011, bunaíodh córas réitigh d’fhorais chreidmheasa agus comhair chreidmheasa in Éirinn. Bunaíodh an Ciste Réitigh Foras Creidmheasa (an Ciste Réitigh) faoin reachtaíocht sin chun tacú le gníomhartha réitigh sa Stát. Is é an Banc Ceannais a dhéanann an Ciste Réitigh a bhainistiú agus a riar.

Is iad comhair chreidmheasa na haon fhorais airgeadais amháin a ranníocann leis an gCiste Réitigh anois, toisc go bhfuil forais airgeadais eile cumhdaithe leis an Sásra Réitigh Aonair anois, rud a fhágann go n-íocann bainc Éireannacha isteach sa Chiste Réitigh Aonair.

I gcomhar le Banc Ceannais na hÉireann, rinne an Roinn Airgeadais athbhreithniú ar an tobhach sa bhliain 2019, rud lenar áiríodh comhairliúchán poiblí. Ag teacht sna sála ar an athbhreithniú sin, cinneadh gur cheart spriocmhéid an Chiste Réitigh a shocrú ag €65 mhilliún agus gur cheart an sprioc sin a bhaint amach faoin mbliain 2025.

Chomhaontaigh an tAire Airgeadais an Tobhach Réitigh don bhliain 2024 a laghdú go thart ar €2.5 milliún in aghaidh na bliana chun gur féidir leis an gciste leanúint le fás go €65 mhilliún sa bhliain 2025.

Socrófar sna rialacháin an ráta tobhaigh don bhliain 2024 ag 0.012007% de luach na sócmhainní, agus é sin níos ísle ná an ráta tobhaigh 0.024725% sa bhliain 2023. Déanfar athbhreithniú ar an ráta tobhaigh le linn na bliana 2024, mar a cheanglaítear le dlí.

Ullmhaíonn an Roinn Airgeadais na Rialacháin Tobhaigh bhliantúil tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa. Tagann na rialacháin sin i bhfeidhm an 30 Meán Fómhair gach bliain agus leagtar síos iontu an ráta ranníoca, nó an modh ar a ríomhfar an ráta ranníoca, leis an gCiste Réitigh.