Leagann an tAire Stáit d’Airgeadas béim ar fhoilsiú Choinníollacha Airgeadais na gComhar Creidmheasa 2021
- Foilsithe: 15 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireann an tAire Stáit d’Airgeadas le freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, Seán Fleming TD, fáilte roimh fhoilsiú thuarascáil Choinníollacha Airgeadais na gComhar Creidmheasa de chuid an Bhainc Ceannais an tseachtain seo agus tugann sé dá aire roinnt treochtaí dearfacha, lena n-áirítear maidir le cúlchistí.
Is é seo an 8ú heagrán de thuarascáil Choinníollacha Airgeadais na gComhar Creidmheasa agus, cé gur bhliain dhúshlánach a bhí ann in 2021 mar gheall ar Covid-19, lig gníomhartha dearfacha na gcomhar creidmheasa dóibh a mbealach a dhéanamh trí na dúshláin oibríochtúla sin.
Ag labhairt faoin tuarascáil, dúirt an tAire Stáit d’Airgeadas, Seán Fleming TD:
“Cuirim fáilte roimh obair earnáil na gcomhar creidmheasa a bhfuil roinnt treochtaí dearfacha don bhliain mar thoradh uirthi, go háirithe i bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le Covid-19. Mar sin féin, tá dúshláin airgeadais fós ann, go háirithe cóimheas íseal iasachta le sócmhainní de 27.1 % na hearnála. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin caithfidh comhair chreidmheasa leanúint ar aghaidh lena gcuid samhlacha gnó a fhorbairt.
Tá sé ar intinn agam moltaí a d’eascair as Athbhreithniú an Rialtais ar Chreat Beartais a phlé le páirtithe leasmhara gan mhoill. Cuireadh na moltaí seo le chéile tar éis rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara agus cuideoidh siad le comhair chreidmheasa leanúint de sheirbhísí airgeadais riachtanacha a sholáthar do phobail áitiúla.”