Leasanna Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann i gcuideachtaí breosla iontaise domhanda díolta – tús cadhnaíochta i ndáil le smaointeoireacht ghlas – Donohoe & D’Arcy
- Foilsithe: 4 Eanáir 2019
- An t-eolas is déanaí: 4 Eanáir 2019
Éire i measc na gcéad tíortha ar domhan chun í féin a dhífheistiú ó chuideachtaí breosla iontaise domhanda
- Dífheistiú ar fiú €68m ó 38 cuideachta a bhfuil baint acu le hola, gás agus breoslaí iontaise curtha i gcrích
- Tá an dífheistiú ag teacht i ndiaidh An tAcht um Dhífheistiú Breosla Iontaise, 2018 a bheith sínithe ina dhlí
- Liosta de 148 cuideachta breosla iontaise curtha le chéile ag an gciste nach ndéanfar infheistíocht iontu
Tá fáilte curtha inniu ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD, agus ag an Aire Stáit sa Roinn Airgeadais, Michael D’Arcy, roimh fhógra Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann (ISIF) maidir lena dhífheistiú ó 38 cuideachta breosla iontaise domhanda. Is é €68m luach iomlán an dífheistithe.
Tá an dífheistiú ag teacht i ndiaidh achtachán an Achta um Dhífheistiú Breosla Iontaise, 2018 ar shínigh Uachtarán na hÉireann ina dhlí é an mhí seo caite.
Ritheadh an tAcht um Dhífheistiú Breosla Iontaise tríd an Oireachtas (parlaimint na hÉireann) agus thug an tAire Donohoe agus an tAire D’Arcy araon tacaíocht ghníomhach dó.
Foráiltear san Acht do dhífheistiú ISIF ó ghnóthais a bhaineann le breoslaí iontaise (cuideachtaí a ndíorthaítear níos mó ná 20% dá n-ioncam as breoslaí ola a thaiscéaladh, a eastóscadh agus/nó a athscagadh) laistigh de thráthchlár atá “indéanta’’.
Ciallaíonn fógra an lae inniu go bhfuil an ISIF go hiomlán dífheistithe ó na hinfheistíochtaí breosla iontaise ar fad de réir bhrí an Achta.
I ndiaidh an fhógra, dúirt an tAire Donohoe:
‘Tríd an reachtaíocht seo a rith tá Éire ar cheann de ná chéad tíortha ar domhan chun airgead poiblí a aistarraingt ó infheistíocht a dhéanamh i mbreoslaí iontaise. Leis seo tá an ISIF ar cheann de líon beag de chistí rachmais ceannasaigh ar domhan chun straitéis maidir le dífheistiú breosla iontaise a chur i bhfeidhm’.
Dúirt an tAire D’Arcy:
‘Is céim thábhachtach í seo d’Éirinn maidir le haistriú a dhéanamh chuig geilleagar ísealcharbóin agus léiríonn sé an tábhacht a chuirimid ar ghníomh a ghlacadh i ndáil le hathrú na haeráide. Molaim gach duine a bhí rannpháirteach maidir leis an tionscnamh seo a chur i gcrích agus as ceannaireacht a léiriú i leith saincheist atá fíorthábhachtach.”
Dúirt Stiúrthóir ISIF, Eugene O’Callaghan:
‘Trí scor dár n-infheistíochtaí breosla iontaise táimid ag tógáil ar an straitéis eisiaimh infheistíochta atá ag an ISIF cheana i leith gual a tháirgeadh agus a phróiseáil, tobac a mhonarú, agus cnuasmhuinisin agus mianaigh talún frithphearsanta’.
“Bhíomar an-sásta ról cuiditheach a ghlacadh chun cuidiú leis an Oireachtas le linn an phróisis reachtaigh seo agus tá dul chun cinn mear déanta againn chun dífheistiú ó bhreoslaí iontaise i ndiaidh achtachán na reachtaíochta seo.
“Tacaíonn an ISIF go mór le hinfheistíochtaí a bheidh ina chuidiú d’Éirinn le linn an aistrithe chuig geilleagar ísealcharbóin agus leanfaimid de thacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí fuinnimh inathnuaite agus do thionscnaimh ísealcharbóin atá ag teacht lenár sainordú.”
Agus súil leis An Acht um Dhífheistiú Breosla Iontaise agus ag teacht leis an Straitéis Infheistíochta Inbhuanaitheachta agus Freagrachta atá ag ISIF cheana, tá liosta tosaigh de 148 cuideachta breosla iontaise curtha le chéile ag an ISIF nach ndéanfaidh an ISIF infheistíocht iontu. Foilsíodh an liosta inniu ar láithreán gréasáin an ISIF. Déanfar an liosta a mhonatóiriú agus a athbhreithniú go gníomhach. Chuimsigh portfóilió reatha an ISIF infheistíochtaí i 38 cuideachta atá ar an liosta agus tá na cuideachtaí sin anois dífheistithe.
Chomh maith leis sin tá tús curtha ag an ISIF le próiseas chun lorg carbóin a phortfóilió infheistíochta a thomhas mar chuid den chur chuige níos leithne atá aige chun baol don aeráid a shainaithint, a bhainistiú agus a mhaolú ar fud a phortfóilió. Tá portfóilió cothromais dhomhanda agus banna corparáide an ISIF ag feidhmiú níos fearr ná tagarmharcanna domhanda i leith astaíochtaí CO2, agus táthar ag súil go laghdófar arís tuilleadh na hastaíochtaí carbóin a bhaineann le portfóilió infheistíochta an ISIF i ndiaidh fhógra an lae inniu.
Mar chuid dá athbhreithniú straitéise le gairid, d’iarr an tAire Donohoe ar an ISIF a chuid infheistíochtaí a dhíriú ar théamaí tosaíochta in Éirinn, arb é infheistíochtaí nó tograí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide atá ar cheann acu.
Chomh maith leis sin, mar chuid den aistriú ó phortfóilió domhanda den chuid is mó chuig portfóiliú Éireannach, tá an ISIF chun infheistíocht a dhéanamh in Éirinn chun tacú lena cuspóirí náisiúnta aistrithe carbóin a bhaint amach agus chun oibleagáidí an Stáit i leith an athraithe aeráide a chur i bhfeidhm. Cuimsíonn infheistíochtaí reatha an ISIF réimse feirmeacha gaoithe, grianchumhacht, chomh maith le tionscadail eile a bhaineann le fuinneamh inbhuanaithe.
CRÍOCH