Fógraíonn an tAire Chambers foilsiú an chomhairliúcháin phoiblí ar chur chun feidhme an tSéú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil
- Foilsithe: 16 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
D’fhógair Jack Chambers, an tAire Airgeadais, foilsiú an chomhairliúcháin phoiblí ar chur chun feidhme an tSéú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil inniu (Déardaoin).
Leis an Séú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil agus leis an Tríú Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil, tugtar cur chun feidhme Chaighdeáin Bhaincéireachta Basel i gcrích san Aontas Eorpach. Bhí an Tríú Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil le cur chun feidhme faoin 1 Eanáir 2025, agus reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar lánroghanna na mBallstát atá sa Rialachán sa bhliain 2024.
Is é cuspóir an phróisis comhairliúcháin seo tuairimí an phobail a lorg ar na lánroghanna atá sa Séú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi chinntí an Aire i gcomhthéacs an Treoir a thrasuí. Tá an Séú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil le trasuí faoin 10 Eanáir 2026.
Comhairliúchán poiblí ar chur chun feidhme an tSéú Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil