English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Chambers le hionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe de chuid an Ghrúpa Euro agus ECOFIN do mhí Eanáir

Tá Jack Chambers, an tAire Airgeadais, sa Bhruiséil chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe de chuid an Ghrúpa Euro (Dé Luain, an 20 Eanáir) agus na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) (Dé Máirt, an 21 Eanáir) do mhí Eanáir. Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire Chambers:

“Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom fáilte a chur roimh thús Uachtaránacht na Polainne ar an Aontas Eorpach agus gach rath a ghuí uirthi an líon mór saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar shaol ghnólachtaí agus shaoránaigh an Aontais a chur chun cinn. Táim ag tnúth go háirithe le cluinstin ó Uachtaránacht na Polainne maidir lena tosaíochtaí don chéad sé mhí eile ag ECOFIN Dé Máirt.

“Roimhe sin, pléifimid na tosaíochtaí don limistéar euro ina iomláine agus na dúshláin atá roimhe ag an nGrúpa Euro Dé Luain, ar lena linn a bheidh deis ag Airí obair an ghrúpa a mhúnlú thar an timthriall nua beartais Eorpaigh.

“Ag ECOFIN Dé Máirt, athchromfaimid ar an bplé ar réimse leasa eacnamaíoch atá ríthábhachtach d’Éirinn, is é sin conas is féidir linn obair le chéile chun iomaíochas na hEorpa a mhéadú. Pléifimid freisin an t-ionchas eacnamaíoch agus airgeadais don Úcráin, cur chun feidhme na chéad chéimeanna eile faoi rialacha fioscacha nua an Aontais agus cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.”

Ag an nGrúpa Euro, pléifear na tosaíochtaí don limistéar euro agus na dúshláin atá roimhe, agus cuirfidh an Coimisiún na Moltaí uaidh don Limistéar Euro don bhliain 2025 i láthair. Beidh deis ag na hairí freisin cluinstin faoi na nuálaíochtaí is déanaí in íocaíochtaí mórdhíola agus faoin gcás mar atá maidir leis an euro digiteach.

Cuirfear tús leis an gcruinniú de chuid ECOFIN maidin Dé Máirt, tráth a chuirfear bricfeasta foirmiúil oibre ar siúl agus a gheofar an t-eolas tráthrialta is deireanaí ar an staid eacnamaíoch. Cluinfear faoin toradh a bhí ar an nGrúpa Euro an lá roimhe freisin. Pléifear ag an mbricfeasta an mhí seo freisin tionchar eacnamaíoch agus airgeadais ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

Le linn an ghnáthchruinnithe de chuid ECOFIN, leagfaidh Uachtaránacht na Polainne a tosaíochtaí agus a clár oibre i réimsí na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais amach. Ina dhiaidh sin, beidh malartú tuairimí ann maidir le timpeallacht gnó atá iomaíoch ar an leibhéal domhanda a chinntiú san Eoraip.

Faoin gcreat nua rialachais eacnamaíoch, glacfaidh Airí Airgeadais moltaí maidir le pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha na mBallstát agus maidir leis an Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach. Ina dhiaidh sin, ceadóidh siad pleananna leasaithe téarnaimh agus athléimneachta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.