English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Donohoe díolachán síos eile i leith scaireanna AIB

D’fhógair Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, inniu go bhfuil sé de rún aige scairsheilbh an Stáit in AIB Group plc (“AIB”) a laghdú arís eile trí idirbheart luathaithe leabharbhunaithe.

Ag labhairt dó faoin idirbheart atá le teacht, dúirt an tAire Donohoe:

“Mar a fógraíodh inniu, sheol an Stát díolachán síos eile i leith a scairsheilbhe in AIB trí idirbheart luathaithe leabharbhunaithe. Tá an t-idirbheart luathaithe leabharbhunaithe seo ár an séú diúscairt den sórt seo i leith AIB, agus laghdófar scairsheilbh an Stáit sa bhanc faoi 5% eile dá bharr. Tar éis an t-idirbheart seo a chríochnú, beidh an scairsheilbh a bheidh fágtha ag an Stát in AIB cothrom le thart ar 12.5%. Leanfaimid le measúnú a dhéanamh ar dheiseanna eile chun scaireanna a dhíol de réir mar a thagann siad chun cinn.”

Séanadh

Tá an phreaseisiúint seo á foilsiú chun críocha faisnéise amháin, agus ní ionann í agus tairiscint, agus ní cuid í de thairiscint, chun aon urrús de chuid AIB a dhíol sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil tairiscint den sórt sin neamhdhleathach agus ní ionann í agus sireadh tairisceana chun aon urrús de chuid AIB a cheannach sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil sireadh den sórt sin neamhdhleathach. Maidir leis na hurrúis de chuid AIB atá tuairiscithe sa phreaseisiúint seo, níor cláraíodh, agus ní chlárófar, iad faoi Acht na Stát Aontaithe um Urrúis, 1933, arna leasú ("an tAcht um Urrúis"), nó faoi aon dlíthe stáit nó eachtracha um urrúis is infheidhme, agus ní fhéadfar iad a thairiscint nó a dhíol sna Stáit Aontaithe in éagmais clárúcháin nó in éagmais díolúine ó cheanglais chlárúcháin an Achta um Urrúis. Ní raibh aon tairiscint phoiblí urrús ann sna Stáit Aontaithe.