An tAire Donohoe le freastal ar chruinnithe G20 agus G7 san Afraic Theas
- Foilsithe: 26 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Beidh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, in Cape Town an tseachtain seo chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag an gcéad chruinniú de chuid Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 a thionólfar faoi Uachtaránacht na hAfraice Theas. Beidh Gabriel Mahklouf, Gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, in éineacht leis an Aire ag an gcruinniú tábhachtach seo de chuid G20, a bheidh ar siúl an 26 agus an 27 Feabhra.
Tar éis cuireadh a fháil, tháinig Éire chun bheith ina comhalta de G20 i mí na Nollag 2024 ar feadh théarma Uachtaránacht na hAfraice Theas, a chríochnóidh ag deireadh mhí na Samhna 2025.
Freastalóidh an tAire Donohoe freisin ar chruinniú de chuid Airí Airgeadais G7 an 27 Feabhra ina cháil mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro. Ina theannta sin, beidh deis ag an Aire roinnt cruinnithe déthaobhacha a thionól lena chomhghleacaithe le linn a chuairte.
Ag deireadh a chuairte, tabharfaidh an tAire aitheasc ag imeacht a n-óstálfaidh Ambasadóir na hÉireann chun na hAfraice Theas é in Cape Town, agus daoine den phobal Éireannach agus ionadaithe ó earnálacha polaitíochta, gnó agus cultúir na hAfraice Theas i láthair.
Sular thaistil sé chuig an Afraic Theas, dúirt an tAire:
“Tá Éire meáite ar rannchuidiú iomlán a dhéanamh fad a bheimid inár mball de G20. Táim buíoch dár n-óstaigh ón Afraic Theas as cuireadh a thabhairt d’Éirinn a bheith ina haoi-bhall. Léiríonn sé sin an sárchaidreamh déthaobhach atá againn leo agus an creideamh láidir atá ag Éirinn in ord idirnáisiúnta riailbhunaithe.”
Breithneofar saincheisteanna tábhachtacha le linn an chruinnithe, amhail comhar maicreacnamaíoch, an t-ollstruchtúr airgeadais idirnáisiúnta, bonneagar, airgeadas inbhuanaithe, cánachas, saincheisteanna san earnáil airgeadais, agus cuimsiú airgeadais. Tiocfaidh Airí Airgeadais agus Gobharnóirí Bainc Ceannais G20 le chéile arís i mí Aibreáin, i mí Iúil agus i mí Dheireadh Fómhair.
Nótaí
- Is ionann G20, nó Grúpa 20, agus fóram idir-rialtasach a chuimsíonn príomhgheilleagair an domhain agus a thionóltar chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais idirnáisiúnta a phlé. Bunaíodh sa bhliain 1999 é tar éis na géarchéime airgeadais a thit amach san Áise sa bhliain 1997/98.
- Cuimsíonn G20 19 dtír cheannasacha, an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach. Tá baill G20 freagrach as thart ar 85% den Olltáirgeacht Intíre dhomhanda agus as níos mó ná 75% den trádáil dhomhanda, agus cónaíonn thart ar dhá thrian de dhaonra an domhain iontu.
- Sealbhóidh an Afraic Theas an Uachtaránacht ar G20 ón 1 Nollaig 2024 go Samhain 2025 faoin téama ‘Dlúthpháirtíocht, Comhionannas, Inbhuanaitheacht’.