Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh thosach feidhme na Scéime Faoisimh d’Aingil Infheistíochta

D’fháiltigh Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, inniu roimh thosach feidhme an Fhaoisimh d’Infheistíocht i bhFiontair Nuálacha, ar a dtugtar Faoiseamh d’Aingil Infheistíochta. Tá an beart seo ina chineál faoisimh Cánach Gnóchan Caipitiúil do dhaoine aonair a infheistíonn i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide nuathionscanta nuálacha. Tá sé mar aidhm leis an bhfaoiseamh cabhrú le fiontair bheaga agus mheánmhéide nuathionscanta infheistíocht a mhealladh agus suíomh níos mealltaí d’aingil infheistíochta gnó a dhéanamh d’Éirinn. Is cineál Státchabhrach incheadaithe é, agus oibreofar é i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine.

Is é is aidhm don fhaoiseamh cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh chuideachtaí nuálacha nua luathchéime maidir le cistiú a lorg trí infheisteoirí a spreagadh scaireanna a cheannach sna cuideachtaí nuálacha sin. Leis an bhfaoiseamh, tairgtear ráta laghdaithe cánach gnóchan caipitiúil de 16 faoin gcéad d’infheisteoirí aonair, nó de 18 faoin gcéad i gcás infheistíocht a dhéantar trí chomhpháirtíocht cháilitheach, i leith an infheistíocht sin a dhíol le tríú páirtí. Tá an ráta laghdaithe cánach gnóchan caipitiúil ar fáil ar ghnóchan arb ionann a luach agus dhá oiread luach infheistíocht tosaigh an infheisteora ar a mhéad.

Féadfaidh cuideachta iarratas a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun deimhnithe cáilíochta a fháil. Mar chuid den phróiseas sin, féadfaidh go rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le Fiontraíocht Éireann chun a shuí ar cheart deimhnithe cáilíochta a eisiúint chuig cuideachta, lena n-áirítear deimhniú nuálaíochta tráchtála.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Donohoe:

“Is scéala an-mhaith é seo do ghnólachtaí nuathionscanta nuálacha atá ag iarraidh infheistíocht a mhealladh. Tá an rialtas seo tiomanta d’éiceachóras aingeal infheistíochta gnó atá faoi bhláth a chothú in Éirinn, agus creidim go gcuirfidh an faoiseamh seo go mór leis an sprioc sin a bhaint amach.”

Tá tuilleadh mionsonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar an bhfaoiseamh ar fáil ar shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

r-Choimre Uimh. 054/25 ó na Coimisinéirí Ioncaim