Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire Donohoe roimh an deimhniú maidir le neart an gheilleagair intíre an bhliain seo caite

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025

  • tháinig méadú 5 faoin gcéad, beagnach, ar OIN* – an príomhthomhas dí-dhomhandaithe ar ioncam náisiúnta – an bhliain seo caite
  • tháinig méadú 1.8 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre – arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é – sa bhliain 2024
  • tháinig méadú 3 faoin gcéad, beagnach, ar chaiteachas tomhaltóirí an bhliain seo caite
  • tháinig méadú 2 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre ar bhonn ráithiúil sa chéad ráithe den bhliain 2025

Inniu (an 8 Iúil), d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh na Cuntais Náisiúnta Bhliantúla don bhliain seo caite, mar aon le meastacháin athbhreithnithe don chéad ráithe den bhliain.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais:

“Fáiltím roimh shonraí an lae inniu, ina ndeimhnítear an fás láidir sa gheilleagar intíre an bhliain seo caite. Tháinig maolú suntasach ar bhoilsciú i rith na bliana 2024, agus fíorioncaim á méadú dá bharr sin. Mar thoradh air sin, mhéadaigh caiteachas tomhaltóirí go láidir faoi bheagán faoi bhun 3 faoin gcéad, agus an fás láidir san fhostaíocht mar thaca leis. Tríd is tríd, tháinig méadú 1.8 faoin gcéad ar Éileamh Modhnaithe Intíre sa bhliain 2024, agus tháinig méadú 5 faoin gcéad, beagnach, ar OIN*.

“Deimhnítear i sonraí an lae inniu freisin an fás láidir a baineadh amach sa chéad ráithe den bhliain, agus méadú 2 faoin gcéad ag teacht ar Éileamh Modhnaithe Intíre ar bhonn ráithiúil (nó méadú 3 faoin gcéad, beagnach, ar bhonn bliantúil). Tá an fheidhmíocht sin ag teacht leis an móiminteam leantach sa mhargadh saothair, agus an líon daoine is mó riamh san fhostaíocht sa chéad ráithe den bhliain.

“Tugaim faoi deara gur tháinig méadú 7.4 faoin gcéad ar olltáirgeacht intíre ar bhonn ráithiúil. Ba é a bhí taobh thiar de sin ná méadú láidir ar onnmhairiú earraí, agus is léiriú é, go pointe éigin, ar an ‘tús-ualú’ a rinneadh ar onnmhairí roimh fhorchur taraifí ag riarachán na Stát Aontaithe. Mar a chuir mé in iúl roimhe seo, is dócha go maolóidh an ghníomhaíocht sin beagáinín thar an gcuid eile den bhliain.

“Tugaim faoi deara gur tháinig méadú 7.4 faoin gcéad ar olltáirgeacht intíre ar bhonn ráithiúil. Ba é a bhí taobh thiar de sin ná méadú láidir ar onnmhairiú earraí, agus is léiriú é, go pointe éigin, ar an ‘tús-ualú’ a rinneadh ar onnmhairí roimh fhorchur taraifí ag riarachán na Stát Aontaithe. Mar a chuir mé in iúl roimhe seo, is dócha go maolóidh an ghníomhaíocht sin beagáinín thar an gcuid eile den bhliain.

“Ó thaobh beartais de, is gá dúinn leanúint le beartais eacnamaíocha agus bhuiséadacha a chalabrú lena n-aithnítear an t-athrú ar an gcúlra seachtrach. Is é atá i gceist leis sin go háirithe díriú ar iomaíochas an gheilleagair a threisiú agus leanúint lenár maoláin fhioscacha a thógáil. Leagfaidh an rialtas an straitéis nuashonraithe uaidh amach i Ráiteas Geilleagair an tSamhraidh níos déanaí an mhí seo.”

Nótaí

Is ionann éileamh modhnaithe intíre (deiridh), arb athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an tomhaltais phearsanta agus rialtais agus na hinfheistíochta pearsanta agus rialtais, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.

Is é is Ollioncam Náisiúnta Modhnaithe (OIN*) ann táscaire a dtáirgeann an Phríomh-Oifig Staidrimh é agus lena dtomhaistear méid gheilleagar na hÉireann gan éifeachtaí an domhandaithe a áireamh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat