English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire Troy le hÁrachas Éireann

Bhuail Robert Troy, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, le hÁrachas Éireann, an comhlacht ionadaíoch do thionscal árachais na hÉireann, chun plé a dhéanamh ar fhreagairt na hearnála árachais d’éilimh atá ag eascairt as Stoirm Éowyn.

Ag labhairt dó faoin bhforbairt, dúirt an tAire Troy:

“Ó ceapadh mé, tá sé mar phríomhthosaíocht agam tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair, do ghnólachtaí agus do phobail in Éirinn tar éis an mhórdhamáiste a rinne Stoirm Éowyn. Chuir mé in iúl an athuair go bhfuil an Rialtas ag súil leis go ngníomhóidh árachóirí ar bhealach práinneach, éifeachtúil agus cothrom chun tacú le sealbhóirí polasaí a ndearna Stoirm Éowyn difear dóibh.

“Leanfaidh mé le dul i dteagmháil le hárachóirí chun a chur ina luí orthu go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh siad a n-oibleagáidí agus go soláthródh siad réiteach éileamh atá sofhreagrúil agus cothrom agus a thugann soiléire agus cinnteacht dóibh sin a ndearnadh difear dóibh.”

Tá sé comhaontaithe ag an Aire Stáit Troy agus ag Árachas Éireann leanúint le caidreamh a dhéanamh le chéile chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun a chinntiú go bhfaighidh na sealbhóirí polasaí lena mbaineann an tacaíocht is gá gan moill mhíchuí.


Nótaí

Bhuail an tAire Troy le Moyagh Murdock, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Árachas Éireann Déardaoin, an 6 Feabhra 2025, chun plé a dhéanamh ar fhreagairt an tionscail árachais do Stoirm Éowyn. Cruinniú tionscnaimh a bhí sa chruinniú sin, a tionóladh tar éis an tAire Troy a cheapadh mar Aire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas.

Réamhlíon na nÉileamh agus Réamhchostas na nÉileamh a thuairiscigh baill d’Árachas Éireann

An 31 Eanáir, d’iarr Árachas Éireann léargas ar a chuid baill ar líon na n-éileamh agus ar chostas na n-éileamh a rinneadh idir tús na stoirme agus an 31 Eanáir.

Chuir Árachas Éireann in iúl go bhfuil sé tábhachtach a thabhairt faoi deara ar dtús go bhfuil an staid seo fós ar siúl. Ní bheidh líon ná costas na n-éileamh sin ionadaíoch do líon deiridh na n-éileamh, go háirithe ós rud é nach bhfuil aon chumhacht ná aon seirbhísí Idirlín ag roinnt sealbhóirí polasaí go fóill, a fhágann nach bhfuil siad in ann teagmháil a dhéanamh lena n-árachóirí. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh méadú ar na figiúirí sin sna seachtainí atá romhainn.

Líon Iomlán na n-éileamh amhail an 31 Eanáir: 14,099

Costas Iomlán na nÉileamh: Cé gurbh é €116 mhilliún an réamhfhigiúr iomlán amhail an 31 Eanáir, d’fhéadfadh costas iomlán na stoirme a bheith cothrom le €150-200 milliún.