English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Nóta Faisnéise maidir le Ciste Eascró Apple agus maidir leis an gCoigeartú Tríú Tír

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

An Ciste Eascró

B’ionann luach an Chiste Eascró agus thart ar €14.1 billiún amhail an 9 Meán Fómhair. Infheistítear an Ciste Eascró in ionstraimí gearrdhátaithe ardrátáilte leachtacha ioncaim sheasta a réadófar sna míonna atá le teacht. Scaoilfear cistí ón gCiste Eascró tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim measúnuithe cánach a eisiúint, agus déanfar amhlaidh ar aon dul leis an gCreat-Ghníomhas Eascró. Déanfar íocaíochtaí cánach leis na Coimisinéirí Ioncaim agus ansin leis an Státchiste. Is chuig an Stát a fhabhróidh iarmhéid iomlán an Chiste, tar éis táillí agus speansais oibriúcháin a íoc. Is dóigh go mairfidh na próisis sin 6 mhí ar a laghad.

An Coigeartú Tríú Tír

Sa chinneadh bunaidh uaidh maidir le Státchabhair, thug an Coimisiún faoi deara go raibh féidearthacht ann go bhféadfadh tíortha eile, i.e., “tríú tíortha”, iarracht a dhéanamh cáin a ghearradh ar roinnt de na brabúis a raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a leithdháileadh ar na brainsí Éireannacha de chuideachtaí Apple. Thug an Coimisiún faoi deara go laghdófaí an méid Státchabhrach a bhí molta aige dá dtiocfadh cás den sórt sin chun cinn. Cuireadh an fhéidearthacht sin san áireamh sna socruithe eascró, agus comhaontaíodh sásra trína bhféadfaí, i gcás éilimh den sórt sin, íocaíocht a dhéanamh amach as an gciste eascró le Apple chun cuntas a thabhairt ar na brabúis ar gearradh cáin orthu i dtríú tíortha agus nár ghnóthaigh Éire iad dá dheasca sin.

Níl déanamh na gcoigeartuithe sin ag brath ar thoradh na n-imeachtaí dlíthiúla sna cúirteanna Eorpacha. Rinneadh coigeartuithe tríú tír den sórt sin dhá uair ó bunaíodh an Ciste, agus íocadh €455m san iomlán amach i riocht coigeartuithe tríú tír ó bhí an bhliain 2019 ann. Tugadh €209m ar ais do Apple le linn na bliana 2019. Rinneadh coigeartú eile tríú tír dar luach €246m i mí na Bealtaine 2021.

San am i láthair, níl an Roinn Airgeadais eolach ar aon éilimh eile den sórt sin a thiocfadh chun cinn dá maífeadh tríú tíortha go raibh cánacha le híoc ag na cuideachtaí lena mbaineann sna dlínsí sin. Is faoi rialacha dlíthiúla na dtíortha lena mbaineann a chinnfí éilimh den sórt sin. Is é nó í an tAire a chinneann na coigeartuithe tríú tír, agus is féidir go mbeidh cúnamh ó na Coimisinéirí Ioncaim i gceist leo.

CRÍOCH

Tugann an Rialtas faoi deara an Breithiúnas ó CBAE i gcás Státchabhrach Apple

Ráiteas ón Aire Chambers maidir leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Státchabhrach Apple