English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Na Rialacháin um Thobhach ar Chiste na gComhar Creidmheasa (Cobhsúchán), 2023

Tá sé fógartha ag an Aire Airgeadais inniu go mbeidh an Tobhach Cobhsúcháin ar Chomhair Chreidmheasa don bhliain 2024 cothrom le 0.001441% de luach na sócmhainní. Fágann sé sin go mbeidh an tobhach bliantúil cothrom, tríd is tríd, leis an méid a gearradh sa bhliain 2023. Mar thoradh air sin, gearrfar thart ar €300,000 ar an earnáil comhar creidmheasa ar fad sa bhliain 2024.

Thug Jennifer Carroll MacNeill TD, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, an méid seo a leanas faoi deara:

“Mar thoradh ar an gcinneadh a rinneadh chun an Tobhach Cobhsúcháin bliantúil a choinneáil mar atá, agus ar an gcinneadh a rinneadh roimhe sin chun an Tobhach Réitigh a laghdú faoi 50%, laghdófar na costais chomhchoiteanna sin ó €5.3 milliún sa bhliain 2023 go €2.8 milliún sa bhliain 2024 do Chomhair Chreidmheasa in Éirinn.

Déanfar athbhreithniú substaintiúil ar an Tobhach Cobhsúcháin agus ar an Tobhach Réitigh araon sa bhliain 2024. Tá an Coiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa agus an Roinn Airgeadais ag obair faoi láthair chun Téarmaí Tagartha a ullmhú do na hathbhreithnithe sin.

Is am an-chorraitheach é seo do chomhair chreidmheasa, agus an Bille um Chomhar Creidmheasa (Leasú) á rith ag gach céim den Oireachtas. A bhuí leis an mBille sin, cabhrófar le Comhair Chreidmheasa a gcuid uaillmhianta a chomhlíonadh agus cuirfear iad i riocht níos fearr chun leas iomlán a bhaint as na deiseanna a bheidh ann amach anseo chun tuilleadh seirbhísí airgeadais a sholáthar dá gcuid Comhaltaí”.

Ag teacht sna sála ar an bpróiseas comhairliúcháin reachtúil, shínigh Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, na Rialacháin um Thobhach ar Chiste na gComhar Creidmheasa (Cobhsúchán) ina ndlí.

Tá an Ciste Cobhsúcháin dea-chaipitlithe go fóill, agus sócmhainní is fiú thart ar €19.8 milliún aige.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tríd an gCiste Cobhsúcháin, soláthraítear tacaíocht airgeadais do chomhar creidmheasa chun cothabháil an cheanglais cúlchiste atá ar an gcomhar creidmheasa sin a aisiriú agus a éascú.

Faoi alt 59(3) den Acht um Chomhar Creidmheasa agus Comhoibriú le Rialálaithe Coigríche, ceanglaítear ar an Aire Airgeadais rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar an ráta ranníoca, nó modh ar a ríomhfar an ráta ranníoca, leis an gCiste Cobhsúcháin, ar cuid de Chiste na gComhar Creidmheasa é. Tá thart ar €19.8 milliún sa Chiste Cobhsúcháin amhail an 30 Samhain 2023. Chun go bhféadfar an tobhach a athrú ó bhliain go bliain, déantar rialacháin gach bliain lena bhforordaítear ráta an tobhaigh agus an bonn ar a ngearrfar é. Leis an Acht um Chomhar Creidmheasa agus Comhoibriú le Rialálaithe Coigríche, ceanglaítear ar an Aire dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa sula bhforordóidh sé nó sí an ráta bliantúil tobhaigh gach bliain.

Agus na rialacháin don Tobhach Cobhsúcháin á ndéanamh aige nó aici, ní mór don Aire aird a bheith aige nó aici ar na nithe seo a leanas:-

  • an gá atá ann go bhfásfaidh an Ciste Cobhsúcháin, le himeacht ama, go dtí méid atá ar comhréir leis na costais a d’fhéadfaí a thabhú chun tacaíocht chobhsúcháin a sholáthar faoi Chuid 4 den Acht; agus
  • an gá atá ann go mbeadh an ráta ranníoca ag comhar creidmheasa, nó ag earnáil de chomhair chreidmheasa, i gcomhréir le hinmharthanacht airgeadais a chothabháil agus le staid tráchtála na gcomhar creidmheasa sin a bhuanú

Ag teacht sna sála ar an athbhreithniú bliantúil, cinneadh an ráta tobhaigh a shocrú ag 0.001441% don bhliain 2024. Mar thoradh air sin, gearrfar thart ar €300,000 ar an earnáil comhar creidmheasa sa bhliain 2024, agus an tobhach bliantúil cothrom, tríd is tríd, leis an méid a gearradh sa bhliain 2023. Déanfar athbhreithniú substaintiúil ar an Tobhach Cobhsúcháin sa bhliain 2024 sula dtabharfar an tobhach don bhliain 2025 isteach.