English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Donohoe tar éis do Permanent TSB fhógairt go bhfuil Meabhrán Tuisceana sínithe acu le NatWest Group i dtaca le Banc Uladh

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 23 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 8 Meán Fómhair 2021

Tá an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, tar éis ráiteas an lae inniu arna tabhairt ag Permanent TSB (PTSB) a thabhairt dá aire gur shínigh an banc sin Meabhrán Tuisceana neamhcheangailteach le NatWest Group maidir le sealbhú féideartha punanna áirithe d’iasachtaí de chuid Bhanc Uladh, agus sócmhainní gaolmhara eile. Cé go n-admhaíonn sé go bhfuil gá le tuilleadh oibre suntasacha sula gcomhaontófar idirbheart deiridh, creideann an tAire gur forbairt an-dearfach do PTSB agus d’fhoireann agus do chustaiméirí Bhanc Uladh araon atá i gceist leis an idirbheart a bheith curtha i ngníomh go rathúil ar an scála atá tuairiscithe san fhógra.

Agus an fógra á thabhairt faoi deara aige, dúirt an tAire an méid seo a leanas:

“Toradh an-dearfach a bheadh i gceist le idirbheart a bheith curtha i ngníomh ar aon dul leis an gceann atá tuairiscithe i bhfógra PTSB, rud a thabharfadh cinnteacht do cheann suntasach de chustaiméirí Bhanc Uladh maidir leis an áit a mbeidh a gcuid iasachtaí lonnaithe, agus líon mór foirne ar a gcompord i dtéarmaí slándáil a bpost. Ach mar sin fein tuigim go dtagann críoch aon idirbhirt faoi réir an ghnáth-díchill chuí, tuilleadh caibidlíochta agus comhaontú ar théarmaí deiridh, chomh maith leis na ceaduithe iomchuí a bheith faighte.

“Maidir le PTSB, thabharfadh sealbhú na bpunanna iasachta seo scála breise don bhanc, agus a ról sa mhargadh a neartú tuilleadh. Anois go bhfuil Banc Uladh agus KBC araon tar éis tarraingt siar ón margadh, tá ról níos tábhachtaí ag PTSB ná mar a bhí riamh go dtí seo chun an iomaíocht fiúntach a sholáthar do thomhaltóirí i dtéarmaí rogha táirgí agus na praghsála araon.

“Tá súil agam go mbeidh toradh rathúil leis na díospóireachtaí seo agus tacaím leis an mbanc mar scairshealbhóir i gcónaí."

CRÍOCH