English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire McGrath faoi bhriseadh córas Bhanc na hÉireann

Labhair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, faoin mbriseadh teicniúil i mBanc na hÉireann a tháinig chun cinn inné agus a rinne difear do chustaiméirí a bhí ag úsáid na haipe móibílí agus na seirbhíse 365Online.

Dúirt an tAire McGrath:

“Táim tar éis iarraidh ar Bhanc Ceannais na hÉireann cuntas iomlán a fháil ar an rud a tharla, ar cén fáth ar tharla sé agus ar na rudaí a dhéanfar chun a chinntiú nach dtarlóidh sé choíche. Bhí oifigigh liom i dteagmháil le Banc Ceannais na hÉireann agus le Banc na hÉireann inniu.

“I bhfianaise ár spleáchais mhéadaithigh ar an teicneolaíocht le haghaidh seirbhísí airgeadais a sholáthar, táim tar éis iarraidh ar na hoifigigh liom caidreamh a dhéanamh leis an mBanc Ceannais maidir lena mheasúnú ar an teagmhas seo lena mbaineann Banc na hÉireann agus, rud ba leithne fós, ar stóinseacht na gcóras teicneolaíochta a mbaineann soláthraithe seirbhíse airgeadais anseo in Éirinn atá rialáilte agus a dhéileálann le custaiméirí úsáid astu, agus ar cé acu is gá nó nach gá aon bhearta breise a dhéanamh chun go laghdófaí an riosca go dtarlódh bristeacha a dhéanann difear do chustaiméirí.

“Ó mo thaobh féin de mar Aire Airgeadais, caithfidh soláthraithe seirbhíse airgeadais cibé rud is gá a dhéanamh chun leanúnachas seirbhíse a chinntiú dá gcustaiméirí. Baineann ríthábhacht leis sin le haghaidh ghnáthfheidhmiú ár sochaí agus ár ngeilleagair. Is féidir le cur isteach ar sheirbhísí baincéireachta tionchar suntasach a bheith aige ar shaol pearsanta daoine agus ar ghnólachtaí a reáchtáil. Bíonn custaiméirí ag súil le hardchaighdeán seirbhíse a fháil agus le bheith in ann rochtain a fháil ar sheirbhísí gan aon bhriseadh, agus an ceart acu.”