English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas Eacnamaíochta Samhraidh an Rialtais foilsithe ag an Aire Donohoe

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 25 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Féachfar a chinntiú le pleanáil Rialtais roimh Bhuiséad 2020 go leanfar leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas agus go ndéanfar airgeadas poiblí agus muintir na tíre a chosaint

D'fhoilsigh an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, inniu, Dé Máirt, Ráiteas Eacnamaíochta Samhraidh an Rialtais.

Tá an ráiteas ina phríomhchuid den phróiseas leasaithe buiséid toisc go gcuireann sé cúlra beartas ar fáil don phlé sa Dáil, agus ina dhiaidh sin, don Idirphlé Náisiúnta Eacnamaíochta an 26 agus 27 Meitheamh. Leagtar straitéis mheántéarmach eacnamaíochta an Rialtais amach sa ráiteas agus déantar nuashonrú ar na paraiméadair roimh Bhuiséad 2020.

Dúirt an tAire Donohoe:

"Tá cúrsaí eacnamaíochta go maith faoi láthair: Deich mbliana tar éis na géarchéime airgeadais, tá cúrsaí airgeadais phoiblí ag dul i dtreo atá inbhuanaithe, tá lánfhostaíocht sa gheilleagar, tá seirbhísí poiblí ag feabhsú agus tá an caighdeán maireachtála ag ardú."

"Agus an leibhéal fostaíochta ag sárú 2.3 milliún, an leibhéal is airde dá raibh ann fós, is é an cuspóir uileghabhálach atá le beartas Rialtais cur leis an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas."

"É sin ráite, is léir go bhfuil an timpeallacht eachtrach ag éirí níos dúshlánaí agus faoi láthair, tá fíorsheans ann gur Breatimeacht mí-ordúil a bheidh ann. Sin an fáth go bhfuilim ag leagan dhá chás buiséid amach sa ráiteas seo - baineann an chéad cheann le Brexit ordúil, agus baineann an dara ceann le cás mí-ordúil."

"Ó bhí toradh reifreann na Ríochta Aontaithe ann in 2016, rinneadh roinnt beart chun athléimneacht an gheilleagair a neartú ionas go mbeadh sé ar ár gcumas dul i ngleic le drochshuaitheadh eacnamaíochta. Áiríodh leis seo ár n-acmhainní fioscacha a neartú tríd ár gcuntais a chomhordú anuraidh den chéad uair le deich mbliana anuas, ualach ár bhfiachais a laghdú agus Ciste Éigeandála a bhunú."

" Tá baint thábhachtach ag na méaduithe rialta sin ar chaiteachas poiblí a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas, le béim ar leith ar infheistíocht chaipitiúil phoiblí, le hathléimneacht a chur chun cinn in ainneoin an Bhreatimeachta."

"Na beartais chiallmhara eacnamaíochta agus fhioscacha a cuireadh i bhfeidhm le blianta beaga anuas, cé gur threisigh siad cumas na hÉireann dul i ngleic le dúshláin, an Breatimeacht ina measc, ní mór an geilleagar agus airgeadas poiblí a bhainistiú anois níos mó ná riamh chun ár mbealach chun cinn a leagan amach don tréimhse éiginnte atá romhainn."

"Ach aghaidh a thabhairt ar an ráiteas an bealach seo, cinnteoimid go mbeimid ullmhaithe do gach rud a d'fhéadfadh tarlú ionas go mbeidh cosaint ag an airgeadas poiblí agus ag muintir na tíre seo sna blianta atá le teacht."

Leagtar amach na nithe seo a leanas i Ráiteas Eacnamaíochta an tSamhraidh:

  • Mar chuid de chreatlach Bhuiséad 2020 beidh pacáiste buiséid €2.8 billiún ann don bhliain 2020.
  • Ghlacfadh sin barrachas 0.4% OTI san áireamh an bhliain seo chugainn mar aon le pacáiste buiséid €0.7 billiún nuair a bheidh tuairisc ar chaiteachas réamhthiomanta reatha agus caipitiúil.
  • Sa chás go mbeadh Breatimeacht ordúil ann agus ós rud é go bhfuilimid ag barr an timthrialla eacnamaíochta, tá an beartas buiséid cuí le fanacht laistigh de na paraiméadair a leagtar amach sa Nuashonrú ar an gClár Cobhsaíochta a foilsíodh i Mí Aibreáin (a dhíríonn ar bharrachas 0.4% OTI).
  • Is ionann ceangaltais chaiteachais reatha agus chaipitiúla agus €1.9 billiún (lena n-áirítear méadú €0.7 billiún nó 10% ar infheistíocht chaipitiúil) agus tá cúlchiste caiteachais suas le €0.2 billiún á bhunú chun freastal ar riachtanais chistiúcháin don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus d'Ospidéal na Leanaí, mar sin fágann sin €0.7 billiún a bheidh le dáileadh go sonrach mar chuid den Bhuiséad.
  • Maidir le cás mí-ordúil Breatimeachta, d'fhéadfadh go mbeadh easnamh príomha idir thart ar -½ agus -1 ½% OTI i gceist don bhliain seo chugainn, ag brath ar mhéid an tsuaite eacnamaíochta.
  • Thabharfadh sin deis do na cobhsaitheoirí uathoibríocha tacaíocht fhritimthriallach a chur ar fáil (i.e. méadú ar íocaíochtaí coimirce sóisialaí agus cánacha atá ag titim a ionsú) a cheadódh barrachas níos lú; agus tacaíocht shealadach, shonraithe do na hearnálacha is mó a mbeidh tionchar ag an mBreatimeacht orthu.
  • Déanfar cinneadh i Mí Mheán Fómhair, nuair a bheidh breis eolais ar fáil maidir le cé acu cásanna a bheidh taobh thiar de na réamhaisnéisí eacnamaíochta agus fioscacha do Bhuiséad 2020.
  • Straitéis chiallmhar bhuiséadach atá inti seo agus tá sé i gceist ag an Rialtas cloí léi.

CRÍOCH

Teagmháil

Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878

Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667

pressoffice@finance.gov.ie