English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rún chun thart ar 5% de scairsheilbh Stát na hÉireann in AIB Group plc a dhiúscairt

NÍL SÉ SEO LE hEISIÚINT, LE FOILSIÚ NÓ LE DÁILEADH I STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ, SAN ASTRÁIL, I gCEANADA, SA tSEAPÁIN, I bPOBLACHT NA hAFRAICE THEAS, SAN EILVÉIS NÓ IN AON STÁT NÓ DLÍNSE EILE INA mBEADH EISIÚINT, FOILSIÚ NÓ DÁILEADH DEN SÓRT SIN NEAMHDHLEATHACH. FÉACH AN FÓGRA TÁBHACHTACH AG DEIREADH NA FÓGARTHA SEO

6 Samhain 2023

Rún chun thart ar 5% de scairsheilbh Stát na hÉireann in AIB Group plc a dhiúscairt

D’fhógair Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu go bhfuil sé de rún aige cuid de scairsheilbh Stát na hÉireann in AIB Group plc ("an Chuideachta") a dhíol. Diúscrófar na scaireanna sin ("na Scaireanna Láithriúcháin") trí láithriúchán ar infheisteoirí institiúideacha ("an Láithriúchán").

Is trí phróiseas luathaithe leabharbhunaithe a chinnfear an praghas ar a ndíolfar na Scaireanna Láithriúcháin ("an Praghas Láithriúcháin"). Osclófar an leabhar le héifeacht láithreach tar éis na fógartha seo.

Táthar ag súil leis go gcuimseoidh an Láithriúchán thart ar 131 mhilliún ceann de ghnáthscaireanna na Cuideachta, rud a bheidh cothrom le thart ar 5% de ghnáthchaipiteal eisithe na Cuideachta. Mar thoradh ar an Láithriúchán, is ó thart ar 45.8% go thart ar 40.8% a laghdófar méid fhoriomlán scairsheilbh Stát na hÉireann sa Chuideachta.

Gheall an tAire freisin gan aon scaireanna eile sa Chuideachta a dhíol ar feadh na tréimhse 90 lá féilire tar éis an Láithriúchán a chríochnú gan réamhthoiliú i scríbhinn a fháil. Cé go bhfuil feidhm ag an ngealltanas sin freisin maidir le haon díolachán trí phlean trádála an Aire a fógraíodh trí Regulatory News Service an 21 Nollaig 2021, a fadaíodh an 23 Meitheamh 2022 agus an 5 Eanáir 2023, agus a fadaíodh arís eile an 27 Meitheamh 2023, ní dhéanfaidh sé amhlaidh ach ar feadh na tréimhse 45 lá féilire tar éis an Láithriúchán a chríochnú.

Tá N.M. Rothschild & Sons Limited (“Rothschild & Co”) ag gníomhú mar chomhairleoir airgeadais neamhspleách agus tá William Fry LLP agus Allen & Overy LLP ag gníomhú mar abhcóide dlí don Roinn Airgeadais i ndáil leis an díolachán.

Fógrófar mionsonraí faoin bPraghas Láithriúcháin agus faoin líon beacht Scaireanna Láithriúcháin in am trátha.

Séanadh

Féadfar dáileadh na fógartha seo agus tairiscint agus díol na Scaireanna Láithriúcháin i ndlínsí áirithe a shrianadh le dlí. Ní fhéadfar na Scaireanna Láithriúcháin a thairiscint don phobal in aon dlínse in imthosca inar ghá aon réamheolaire nó aon doiciméad tairisceana a bhaineann leis na Scaireanna Láithriúcháin a ullmhú nó a chlárú sa dlínse sin. Ní dhearna an tAire Airgeadais nó aon duine dá chleamhnaithe faoi seach aon ghníomh lena gceadófaí tairiscint na Scaireanna Láithriúcháin nó seilbh nó dáileadh na fógartha seo nó aon tairiscint eile nó aon ábhar poiblíochta eile a bhaineann le hurrúis den sórt sin in aon dlínse ina bhfuil gníomh ag teastáil chun na críche sin. Ceanglaítear ar dhaoine a dtiocfaidh an fhógairt seo ina seilbh iad féin a chur ar an eolas faoi aon srianta den sórt sin agus cloí leo.

Tá an phreaseisiúint seo á foilsiú chun críocha faisnéise amháin, agus ní ionann í agus tairiscint, agus ní cuid í de thairiscint, chun aon urrús de chuid na Cuideachta a dhíol sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil tairiscint den sórt sin neamhdhleathach agus ní ionann í agus sireadh tairisceana chun aon urrús de chuid na Cuideachta a cheannach sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil sireadh den sórt sin neamhdhleathach. Maidir leis na hurrúis de chuid na Cuideachta atá tuairiscithe sa phreaseisiúint seo, níor cláraíodh, agus ní chlárófar, iad faoi Acht na Stát Aontaithe um Urrúis, 1933, arna leasú ("an tAcht um Urrúis"), nó faoi aon dlíthe stáit nó eachtracha um urrúis is infheidhme, agus ní fhéadfar iad a thairiscint nó a dhíol sna Stáit Aontaithe in éagmais clárúcháin nó in éagmais díolúine ó cheanglais chlárúcháin an Achta um Urrúis. Ní bheidh aon tairiscint phoiblí urrús ann sna Stáit Aontaithe.

I mballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (ar “Ballstát Iomchuí” atá i ngach ceann díobh), tá an fhógairt seo, agus beidh aon tairiscint a dhéanfar ina dhiaidh sin, dírithe go heisiach ar dhaoine ar 'infheisteoirí cáilithe' iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2017/1129 (“an Rialachán Réamheolaire”). Sa Ríocht Aontaithe, tá an fhógairt seo dírithe go heisiach ar dhaoine ar 'infheisteoirí cáilithe' iad de réir bhrí an Rialacháin Réamheolaire (a mhéid is cuid é de dhlí intíre na Ríochta Aontaithe de bhua Acht an Aontais Eorpaigh (Tarraingt Siar), 2018), ar daoine iad (i) a bhfuil taithí ghairmiúil acu ar nithe a bhaineann le hinfheistíochtaí a thagann faoi réim Airteagal 19(5) den Ordú fán Acht um Sheirbhísí agus Margaí Airgeadais, 2000 (Cur Chun Cinn Airgeadais), 2005, arna leasú (“an tOrdú”), nó (ii) a thagann faoi réim Airteagal 49(2)(a) go (d) den Ordú, agus (iii) a bhféadfar an fhógairt seo a chur in iúl go dleathach dóibh ar shlí eile.

Tá N.M. Rothschild & Sons Limited ("an Comhairleoir"), atá údaraithe agus faoi rialáil ag an Údarás Iompair Airgeadais ("FCA") sa Ríocht Aontaithe, ag gníomhú thar ceann an Aire Airgeadais, agus thar a cheann amháin, i ndáil le tairiscint na Scaireanna Láithriúcháin agus ní bheidh an Comhairleoir freagrach d’aon duine eile as na cosaintí a thugtar d’aon duine dá c(h)liaint faoi seach a thabhairt nó as comhairle a thabhairt d’aon duine eile i ndáil le tairiscint na Scaireanna Láithriúcháin. Ní fhéachfaidh an Comhairleoir ar aon duine eile mar chliant dá chuid i ndáil le tairiscint na Scaireanna Láithriúcháin. Ní dhéantar, agus ní dhéanfar, aon uiríoll nó aon bharánta, atá sainráite nó intuigthe, agus ní ghlacann, agus ní ghlacfaidh, an Comhairleoir ná aon duine dá chleamhnaithe nó dá ghníomhairí faoi seach le haon fhreagracht nó le haon dliteanas, maidir le, nó i ndáil le, cruinneas, iomláine nó leorgacht na fógartha seo nó aon fhaisnéise eile i scríbhinn nó ó bhéal arna cur ar fáil nó arna poibliú d’aon pháirtí leasmhar nó dá chomhairleoirí i ndáil leis an Aire Airgeadais, leis an gCuideachta, leis na Scaireanna Láithriúcháin, leis an Láithriúchán nó le haon cheann de na socruithe atá tuairiscithe anseo, agus séantar go sainráite aon dliteanas ina leith.

Ní chuirfear aon Scaireanna Láithriúcháin ar fáil d’aon infheisteoir ar ina leith a bheadh toiliú rialála ag teastáil in aon dlínse chun Scaireanna Láithriúcháin den sórt sin a cheannach, cibé acu ar a c(h)untas féin nó mar mhuiníneach nó mar ghníomhaire do chuntas infheisteora amháin nó níos mó (lena n-áirítear, gan teorannú, faoi Acht na Ríochta Aontaithe um Sheirbhísí agus Margaí Airgeadais, 2000, nó faoi Acht na Stát Aontaithe um Chuideachtaí Sealbhaíochta Bainc, 1956).