English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athcheaptar comhalta chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann

Rinne Jack Chambers, an tAire Airgeadais, an tOllamh Stephen Millard a athcheapadh chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann, le héifeacht ón 1 Eanáir 2025. Thosaigh an tOllamh Millard a chéad téarma an 17 Meitheamh 2024, agus é ag líonadh téarma a bhí le dul in éag an 31 Nollaig 2024.

Dúirt an tAire Chambers:

“Tá lúcháir orm gur chomhaontaigh an tOllamh Millard lena athcheapadh chuig Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann agus go leanfaidh sé le rannchuidiú le hobair thábhachtach na Comhairle. Guím gach rath air sa ról.”


Nótaí

Nótaí

Ní fhéadfaidh na comhaltaí den Chomhairle níos mó ná trí théarma chomhleanúnacha a chur isteach ach tá siad incháilithe lena n-athcheapadh tráth níos déanaí, faoi mar atá leagtha amach san Acht um Fhreagracht Bhuiséadach, 2012 (arna leasú).

Tá mionsonraí faoi Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann, lena n-áirítear mionsonraí faoina comhaltaí boird, ar fáil ag www.fiscalcouncil.ie.