English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Rialacháin an Tobhaigh ar Earnáil na gComhar Creidmheasa, 2021

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 1 Nollaig 2021

Dheimhnigh an tAire Stáit, Sean Fleming T.D. inniu (Dé Luain, an 27 Meán Fómhair) go laghdófar Tobhach Réitigh na bhForas Creidmheasa do 2022 go 0.024914% de shócmhainní (thart ar €5 mhilliún) agus go laghdófar Tobhach Cobhsaíochta na gComhar Creidmheasa do 2022 go 0.0015033% de shócmhainní (thart ar €300,000).

Baileofar tobhaigh chomhchoiteanna de €5.3 milliún do 2022, an méid a bailíodh in 2021.

Dúirt an tAire Stáit, Sean Fleming T.D:

“Mar Aire Stáit atá freagrach as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, is é an aidhm atá agam ná leanúint ar aghaidh ag soláthar seirbhísí airgeadais riachtanacha do phobail áitiúla chun tacú le hearnáil na gcomhar creidmheasa.

Táimid ag coinneáil na dtobhach ag na méideanna a gearradh in 2021 chun ár n-oibleagáidí dlíthiúla a chothromú chun na cistí a chothabháil agus a mhéadú leis na dúshláin atá roimh chomhair chreidmheasa”.

Tar éis an próiseas comhairliúcháin reachtúil a chur i gcrích, shínigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe T.D. Rialacháin an Tobhaigh do Chiste Réitigh na bhForas Creidmheasa agus Rialacháin an Tobhaigh don Chiste Cobhsaíochta sa dlí.

Tá Rialacháin an Tobhaigh do Chiste Réitigh na bhForas Creidmheasa agus Rialacháin an Tobhaigh don Chiste Cobhsaíochta ar fáil anois ar shuíomh gréasáin na Roinne Airgeadais.

Ciste Réitigh

Le hAcht an Bhainc Ceannais agus na bhForas Creidmheasa (Réiteach) 2011 bunaíodh córas réitigh d’fhorais chreidmheasa agus do chomhair chreidmheasa in Éirinn. Bunaíodh Ciste Réitigh na bhForas Creidmheasa (Ciste Réitigh) faoin reachtaíocht seo chun tacú le gníomhaíochtaí réitigh sa Stát, agus is é an Banc Ceannais a bhainistíonn agus a riarann é. Is iad comhair chreidmheasa anois an t-aon fhoras airgeadais a chuireann leis an gCiste Réitigh toisc go bhfuil forais airgeadais eile clúdaithe anois ag an Sásra Réitigh Aonair, agus mar sin íocann Bainc na hÉireann isteach sa Chiste Réitigh Aonair.

Rinne an Roinn Airgeadais, i gcomhar le Banc Ceannais na hÉireann, athbhreithniú ar an tobhach in 2019, comhairliúchán poiblí san áireamh. Tar éis an athbhreithnithe sin, cinneadh gur cheart spriocmhéid an Chiste Réitigh a shocrú ag €65 mhilliún agus gur cheart an sprioc sin a bhaint amach faoi 2025. Aontaíodh freisin gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gCiste Réitigh in 2025 agus gur cheart go mbeadh an tobhach bliantúil thart ar €5 mhilliún in aghaidh na bliana ó 2020 go 2025 chun méid an Chiste Réitigh a mhéadú ó €35 milliún go €65 milliún, i gcomhréir go ginearálta le meánmhéid sócmhainne méadaithe na gcomhar creidmheasa. Bheadh an ráta tobhaigh coigeartaithe ag brath ar ghluaiseacht mhéid sócmhainní na hearnála thar na cúig bliana agus cibé ar thabhaigh an Ciste Réitigh aon chostais réitigh.

Tá sé comhaontaithe ag an Aire Airgeadais anois go gcoinneofar an Tobhach Réitigh do 2022 ag thart ar €5 mhilliún in aghaidh na bliana chun ligean don chiste leanúint de bheith ag méadú go €65 milliún faoi 2025.

Socrófar an ráta tobhaigh do 2022 ag 0.024914% sna rialacháin, laghdú beag ar an ráta tobhaigh ó 0.0259% de na sócmhainní in 2021.

Ullmhaíonn an Roinn Airgeadais na Rialacháin Tobhaigh bhliantúla tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais agus leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa. Tagann na rialacháin i bhfeidhm ar an 1 Deireadh Fómhair gach bliain agus forordaítear ráta na ranníocaíochta nó an modh chun ráta na ranníocaíochta leis an gCiste Réitigh a ríomh.

Ciste Cobhsaíochta

Faoi alt 59(3) den Acht um Chomhar Creidmheasa agus Comhoibriú le Rialálaithe Coigríche (“an tAcht CUCOR”) ceanglaítear ar an Aire Airgeadais rialacháin a dhéanamh lena bhforordaítear ráta na ranníocaíochta nó modh chun ráta na ranníocaíochta leis an gCiste Cobhsaíochta, atá mar chuid den Chiste um Chomhar Creidmheasa, a ríomh. Chun go mbeidh an tobhach éagsúil ó bhliain go bliain, déantar rialacháin gach bliain lena bhforordaítear ráta an tobhaigh agus an bonn ar a ngearrfar é. Ceanglaítear le hAcht CUCOR go rachaidh an tAire i gcomhairle leis an mBanc Ceannais, leis an gCoiste Comhairleach um Chomhar Creidmheasa agus leis an mBord um Athstruchtúrú Comhar Creidmheasa sula bhforordaítear an ráta tobhaigh bliantúil gach bliain.

Agus na rialacháin don Tobhach Cobhsaíochta á ndéanamh aige, ní mór don Aire aird a thabhairt ar an ngá atá leis an méid seo a leanas:-

go bhfásfaidh an Ciste Cobhsaíochta, le himeacht ama, go méid atá i gcomhréir leis na costais a d’fhéadfaí a thabhú chun tacaíocht chobhsaíochta a sholáthar faoi Chuid 4 den Acht; agus

go mbeidh ráta ranníocaíochta comhair chreidmheasa, nó catagóir na gcomhar creidmheasa, comhsheasmhach le hinmharthanacht airgeadais a choinneáil agus le staid tráchtála na gcomhar creidmheasa sin a chothú

Tar éis an athbhreithnithe bhliantúil, socraíodh an ráta tobhaigh go 0.0015033% do 2022, rud a fhágfaidh go mbeidh muirear thart ar €300,000 ar earnáil na gcomhar creidmheasa in 2022, agus an tobhach bliantúil á choinneáil ag thart ar an méid a gearradh in 2021. I bhfianaise na héiginnteachta leanúnaí a bhaineann leis an bpaindéim, ní dhearnadh aon chinneadh maidir le spriocmhéid an Chiste Cobhsaíochta. Déanfar an ráta tobhaigh a athbhreithniú de réir mar a éilíonn an dlí le linn 2022.