Síníonn an tAire McGrath Ordú um Thosach Feidhme chun leasuithe an Achta Airgeadais, 2022, ar an mBosca Forbartha Eolais a chur chun feidhme ón 1/10/23
- Foilsithe: 5 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Síníonn an tAire McGrath Ordú um Thosach Feidhme chun leasuithe an Achta Airgeadais, 2022, ar an mBosca Forbartha Eolais a chur chun feidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
Shínigh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, Ordú chun foráil den Acht Airgeadais, 2022, a thosú, rud lena n-éascófar méadú ar an ráta éifeachtach cánach don Bhosca Forbartha Eolais, le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
Tá síniú an Ordaithe ina chéim eile i dtreo cur chun feidhme a dhéanamh ar Cholún a Dó de Chomhaontú na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir leis an Réiteach Dhá Cholún chun Aghaidh a Thabhairt ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair, mar chuid de thiomantas leantach na hÉireann d’athchóirithe comhaontaithe idirnáisiúnta cánach.
Is é atá sa Bhosca Forbartha Eolais ná córas maoine intleachtúla a chomhlíonann ceanglais ECFE, lena dtugtar faoiseamh ó cháin chorparáide ar ioncam a eascraíonn as sócmhainní cáilitheacha amhail ríomhchláir, aireagáin atá faoi chosaint ag paitinn cháilitheach, agus aireagáin dheimhnithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
Dúirt an tAire McGrath:
“Is céim thábhachtach é seo i gcomhaontú Dhá Cholún ECFE a chur chun feidhme. Tá Éire lántiomanta do na hathchóirithe comhaontaithe idirnáisiúnta. Tá obair ar bun chun Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cáin Íosta a thrasuí in Éirinn tríd an mBille Airgeadais an fómhar seo, chun socrú a dhéanamh don ghné ráta íosta éifeachtaigh cánach corparáide 15% de Cholún a Dó.”
Nótaí
Is é cuspóir an Bhosca Forbartha Eolais spreagadh a thabhairt do chuideachtaí maoin intleachtúil a fhorbairt in Éirinn agus, ar an tslí sin, gabháil d’oibríochtaí substainteacha a bhfuil ‘breisluach’ ard ag baint leo do gheilleagar na hÉireann. Chun cáiliú don Bhosca Forbartha Eolais, ní mór do na sócmhainní cáilitheacha eascairt as gníomhaíochtaí cáilitheacha taighde agus forbartha atá ar bun ag an gcuideachta in Éirinn.
Beidh tionchar ag Riail Faoi-Réir-Cánach Cholún a Dó ar an mBosca Forbartha Eolais, ar riail í lena gceadaítear cáin bhreise a thobhach ar íocaíochtaí áirithe páirtí bhaintigh, i gcás nach bhfuil íocaíochtaí den sórt sin faoi réir ráta coigeartaithe ainmniúil cánach 9% ar a laghad i dtír chónaithe an fhaighteora. Dá bhrí sin, foráladh le halt 40 den Acht Airgeadais, 2022, don ráta éifeachtach is infheidhme i leith brabúis a cháilíonn don Bhosca Forbartha Eolais a mhéadú go 10%, rud a thiocfadh in éifeacht tar éis teacht ar chomhaontú ar chur chun feidhme na Rialach Faoi-Réir-Cánach ag ECFE. Tar éis teacht ar chomhaontú ag Creat Cuimsitheach ECFE i mí Iúil, foráiltear leis an Ordú anois go mbeidh éifeacht leis na bearta ón 1 Deireadh Fómhair 2023.
Tá dea-dhul chun cinn déanta ar an ullmhúchán chun Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Cáin Íosta a thrasuí in Éirinn tríd an mBille Airgeadais an fómhar seo, chun socrú a dhéanamh don ghné ráta íosta éifeachtaigh cánach corparáide 15% de Cholún a Dó. Is fiontar casta é an Treoir a chur chun feidhme agus beidh ar an Roinn Airgeadais agus ar Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim araon méid suntasach acmhainní a chaitheamh ina leith. Bhí caidreamh fairsing le geallsealbhóirí ina chuid thábhachtach den phróiseas sin, agus leanfaidh sé de bheith ina chuid thábhachtach den phróiseas.
Foilsíodh dhá Ráiteas Aiseolais maidir le cur chun feidhme Cholún a Dó i mbliana, ar ráitis iad ina leagtar amach dréachtchineálacha cur chuige i leith príomhghnéithe den reachtaíocht cur chun feidhme agus de riar na rialacha nua. Bíonn na freagraí ar an dá chomhairliúchán á n-úsáid chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt leantach na reachtaíochta intíre deiridh. Is féidir amharc ar na ráitis aiseolais agus ar na freagraí ag na naisc thíos:
Ráiteas Aiseolais 1
Ráiteas Aiseolais maidir le Cur Chun Feidhme Cholún a Dó
Ráiteas Aiseolais 2
An Dara Ráiteas Aiseolais maidir le Cur Chun Feidhme Cholún a Dó
Is faoi dhíospóireacht ag ECFE go fóill atá gnéithe teicniúla áirithe den dóigh a n-oibreoidh Colún a Dó, agus táthar ag súil leis gur próiseas leanúnach a bheidh ansin go ceann bliana ar a laghad. Leanann Éire le páirt ghníomhach a ghlacadh sa díospóireacht sin.