English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síneadh curtha ag an Aire le plean rathúil trádála scaireanna Bhanc na hÉireann den dara huair

Fógraíonn an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD, inniu go gcuirfear síneadh breise le plean trádála scaireanna Bhanc na hÉireann (an "Chuideachta"). D'éirigh go han-mhaith leis an bplean go dtí seo agus cuirfidh an cinneadh seo ar chumas na Roinne Airgeadais leanúint de chuspóir an Rialtais na bainc a thabhairt ar ais faoi úinéireacht phríobháideach a bhaint amach.

B'ionann na fáltais a gineadh ó chéim a dó den phlean trádála a cuireadh i gcrích le déanaí agus thart ar. €283 milliún agus nuair a dhéantar é a chomhcheangal leis an gcéad chéim, is ionann na fáltais iomlána go dtí seo ná €532 milliún. Ba é €5.64 an meánphraghas scaire a baineadh amach i gcéim

a dó den phlean trádála, méadú ó €4.96 ar an meán i gcéim a haon. Tá laghdú tagtha anois ar scairsheilbh faoi threoir an Stáit sa bhanc ó 13.9% an samhradh seo caite nuair a thosaigh an plean trádála, go dtí níos lú ná 5% inniu. Ciallaíonn an síneadh breise a fógraíodh inniu go dtiocfaidh deireadh le céim a trí anois tráth nach bhfuil níos déanaí ná an 18 Deireadh Fómhair 2022.

Agus síneadh an phlean trádála scaireanna á fhógairt, dúirt an tAire Airgeadais:

"Chuir an plean trádála scaireanna, a dhíolann ár scaireanna isteach sa mhargadh go mall, ar ár gcumas leas a bhaint as an ardú de réir a chéile ar scairphraghas Bhanc na hÉireann ón samhradh seo caite agus creidim gur chun ár leasa é an plean a shíneadh ar feadh tréimhse eile".

Ar aon dul le tiomantas an Rialtais luach a sholáthar don cháiníocóir, ní dhíolfar scaireanna faoi bhonnphraghas réamhchinntithe a choinneoidh an Roinn Airgeadais faoi athbhreithniú.

Leanfaidh Citigroup Global Markets Limited ("Citi") ag gníomhú ar son an Aire Airgeadais agus an plean trádála scaireanna á chur i bhfeidhm. Leanfaidh Citi ar aghaidh ag díriú ar 15%, ar a mhéad, den mhéid trádála iomlán comhiomlán ionchasach sa Chuideachta a dhíol thar thréimhse an phlean trádála scaireanna. Braithfidh líon na scaireanna a dhíoltar ar dhálaí an mhargaidh, i measc tosca eile.

Tá an Roinn Airgeadais á cur ar an eolas ag N.M. Rothschild & Sons Limited (“Rothschild & Co”) agus William Fry LLP maidir leis an idirbheart seo.

CRÍOCH