Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seachtú Nuashonrú ar Dhul Chun Cinn a fuarthas ó Leachtaitheoirí Speisialta IBRC

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 8 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Meán Fómhair 2020

D’fhoilsigh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD inniu an seachtú Tuarascáil um Nuashonrú ar Dhul Chun Cinn maidir le Leachtú Speisialta IBRC. D'iarr an tAire Airgeadais an tuarascáil seo go foirmiúil, ó Chomh-Leachtaitheoirí Speisialta IBRC, an tUasal Kieran Wallace agus an tUasal Eamonn Richardson agus tá sí ar fáil anois ar shuíomh gréasáin na Roinne Airgeadais.

Ag labhairt faoin dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh maidir leis an leachtú, dúirt an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe TD:

“Cuireann an Tuarascáil seo béim ar an dul chun cinn atá déanta ag na Comh-Leachtaitheoirí Speisialta le linn 2019 ina n-iarrachtaí leanúnacha IBRC a fhoirceannadh go tráthúil. Is forbairt an-dearfach í aisíocaíocht iomlán na gcreidiúnaithe neamhurraithe uile a ligeadh isteach agus aisíocadh an luach iomlán leis an Stát i ndáil lena sealbhú ar na scaireanna tosaíochta a bhí aige san iar-Bhanc. Is táscaire maith den dul chun cinn atá á dhéanamh é an laghdú atá ag teacht ar an líon cásanna dlí atá á mbainistiú ag na Comh-Leachtaitheoirí Speisialta.

“Sa tuarascáil, cuirtear béim ar an tionchar dóchúil a bheidh ag COVID-19 ar fhoirceannadh IBRC ach tuigim na dúshláin seo agus táim muiníneach go gcuirfear na tascanna, nár réitíodh fós, i gcrích de réir na n-ardchaighdeán céanna a chonaiceamar le seacht mbliana anuas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Leachtaitheoirí Speisialta agus a bhfoireann as a gcuid oibre leantaí."

In éineacht leis an Tuarascáil um Nuashonrú ar Dhul Chun Cinn, d’fhoilsigh an tAire tuarascáil a d’ullmhaigh RSM Ireland, a choimisiúnaigh an Roinn Airgeadais, ina ndearnadh anailís ar chostais agus ar thorthaí an Leachtaithe Speisialta de IBRC go dtí seo le dócmhainneachtaí inchomparáide eile go hidirnáisiúnta.

CRÍOCH

Nótaí d'eagarthóirí

1. Mhéadaigh na Leachtaitheoirí Speisialta a bhfráma ama le haghaidh an fhoirceanta dheiridh de IBRC ó dheireadh 2021 go deireadh-2022. De chuid is mó, tá an mhoill seo mar gheall ar an tionchar leanúnach atá ah COVID-19 a d’fhág go raibh moilleanna ar imeachtaí Cúirte agus ar straitéisí um réadú sócmhainní.

2. Luaitear sa tuarascáil gurb ionann na táillí a tabhaíodh sa leachtú don tréimhse 12 mhí go 31 Nollaig 2019 agus €19.4m. Is ionann na táillí iomlána a tabhaíodh ó thús an leachtaithe i mí Feabhra 2013 go 31 Nollaig 2019 agus €277m. Réamh-mheas na Leachtaitheoirí Speisialta go mbeidh tuilleadh táillí idir €27.5m- € 36m i gceist chun an leachtú a chur i gcrích, rud a fhágfaidh go mbeidh na táillí iomlána a thabhaítear idir €304m agus €313m.

3. Tá an amlíne réamh-mheasta agus na táillí réamh-mheasta chun an leachtú a chur i gcrích atá san áireamh sa Tuarascáil um Nuashonrú ar Dhul Chun Cinn seo bunaithe ar roinnt príomh-bhoinn tuisceana lena n-áirítear:

  • Go ndéanfar na srianta reatha COVID-19 a ardú go tráthúil, lena ligfear d’imeachtaí dlí dul ar aghaidh gan mórán moilleanna breise.
  • Leis na dálaí eacnamaíocha atá ann faoi láthair, nach gcuirfear moill le níos mó ná sé mhí ar mhargaíocht dhíol na sócmhainní atá fágtha.
  • Go gcuirfear i gcrích an bhainistíocht leanúnach de thart ar 50 tacar de chásanna dlí a bhfanann IBRC (faoi leachtú speisialta) ina bpáirtí agus go n-éistfear aon achomhairc laistigh den tréimhse réamh-mheasta.
  • Nach nglacfar le haon athbhreithnithe nó imscrúduithe rialála ábhartha nua a theastódh ó IBRC chun foireann tionscadail speisialta a bhunú. Go nglacfar le hidirghníomhaíocht rialála leanúnach ó lá go lá.
  • Nach ndéanfaidh aon chreidiúnaithe ábhair nua iarracht éileamh a chur isteach sa leachtú.
  • Leachtú na bhfochuideachtaí eile.
  • Foirceannadh an leabhair iasachta atá fágtha de thart ar € 3.5bn le linn na tréimhse réamh-mheasta.
  • Réadú na sócmhainní go léir atá fágtha le linn na tréimhse réamh-mheasta ar bhealach ordúil gan costais shuntasacha idirbhirt agus cánach a thabhú.

4. Choimisiúnaigh an Roinn Airgeadais an tuarascáil a d'ullmhaigh RSM Ireland tar éis tairisceana iomaíche. I measc roinnt de phríomhthorthaí na tuarascála tá:

  • Tá na rátaí muirir in aghaidh na huaire is infheidhme maidir le Leachtaitheoirí Speisialta IBRC níos ísle ná rátaí ‘Ceadaithe ag an gCúirt’ in Éirinn, níos ísle ná na meanrátaí cleachtóirí dócmhainneachta sa Ríocht Aontaithe agus níos ísle ná na rátaí a ghearrtar ar dhócmhainneacht inchomparáide a áirítear san anailís.
  • Tá táillí na Leachtaitheoirí Speisialta IBRC mar chéatadán de shócmhainn, dliteanas, réadúcháin agus eis-sreafaí airgid níos ísle ná na céatadáin a breathnaíodh i gcásanna inchomparáide.
  • Tá tuairim curtha le chéile go bhfuil rialuithe costais iomchuí in úsáid ag Leachtaitheoirí Speisialta IBRC a bhí mar chuid de thimpeallacht rialaithe fhoriomlán ina raibh rannpháirtíocht agus maoirseacht ón Roinn Airgeadais i gceist.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat