Seolann an tAire Carroll MacNeill an chéad Phlean Gníomhaíochta atá bunaithe ar an straitéis nuashonraithe ‘Éire d’Airgeadas’
- Foilsithe: 10 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (Dé hAoine an 10 Márta), sheol an Dr Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, an chéad Phlean Gníomhaíochta atá bunaithe ar an straitéis nuashonraithe ‘Éire d’Airgeadas’ tar éis don Chomh-Aireacht é a cheadú.
Sa Phlean Gníomhaíochta don bhliain 2023, a ullmhaíodh faoin Nuashonrú ar an straitéis ‘Éire d’Airgeadas’, leagtar amach na príomhbhearta a dhéanfaidh geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha i mbliana chun tacú leis an earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta a fhorbairt tuilleadh in Éirinn. Tá 56,000 duine fostaithe go díreach anois i seirbhísí airgeadais a onnmhairiú ó Éirinn chuig an Aontas Eorpach agus chuig príomh-mhargaí idirnáisiúnta eile. Tacaíonn an tionscal le cohórt mór soláthraithe seirbhísí gairmiúla freisin. Tar éis an straitéis a nuashonrú sa bhliain 2022, tá an Plean Gníomhaíochta nua dírithe ar 12 bhunsprioc inghnóthaithe don chuid eile den bhliain:
1. An Treochlár um Airgeadas Inbhuanaithe a athbhreithniú agus a nuashonrú – An tIonad Barr Feabhais Idirnáisiúnta um Airgeadas Inbhuanaithe
2. Luachthairiscint nuashonraithe airgeadais inbhuanaithe a fhorbairt – GFT Éireann
3. An obair atá ar bun ar fud an Ghrúpa Stiúrtha Teicneolaíochta Airgeadais trasrialtais agus an Chomhghrúpa Teicneolaíochta Airgeadais a dhoimhniú – An Roinn Airgeadais
4. An clár oibre um airgeadas digiteach a chur chun cinn agus a chothú don tionscal sa tír seo agus thar lear – GFT Éireann
5. Páirt a ghlacadh in imeachtaí idirnáisiúnta teicneolaíochta airgeadais sa bhliain 2023 – Fiontraíocht Éireann
6. Tairiscint nua réamh-shíolchistiúcháin a chur in iúl agus a chur i bhfeidhm do nuálaithe luathchéime teicneolaíochta airgeadais – Fiontraíocht Éireann
7. Seimineár agus imeacht líonraithe idir comhghleacaithe a reáchtáil don mhargadh onnmhairiúcháin, áit a ndíreofar ar na margaí idirnáisiúnta atá ar fáil do ghnólachtaí dúchasacha teicneolaíochta airgeadais agus seirbhísí airgeadais – Fiontraíocht Éireann
8. Leanúint le hacmhainní oideachasúla a fhorbairt do thomhaltóirí chun tacú leo gabháil don teicneolaíocht airgeadais – An Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
9. An staidéar ón Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí ar an earnáil seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta a chríochnú – An Sainghrúpa ar Riachtanais Scileanna sa Todhchaí
10. Obair i gcomhpháirt le GFT agus le geallsealbhóirí eile chun imeachtaí a thaispeáint in Éirinn – An Roinn Airgeadais
11. An Fóram bliantúil Eorpach Árachais a athsheoladh – Árachas Éireann
12. Mol Nuálaíochta an Bhainc Ceannais a athbhreithniú – Banc Ceannais na hÉireann
Tá na bearta sin sa bhreis ar an obair atá ar bun ag eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus in earnáil na tionsclaíochta chun go mbeidh Éire ar an láthair is tarraingtí d’infheisteoirí i seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.
Tá an tiomantas chun an straitéis a chomhlíonadh bunaithe ar na téamaí sa straitéis nuashonraithe, is iad sin:
- airgeadas inbhuanaithe
- teicneolaíocht airgeadais agus airgeadas digiteach
- éagsúlacht agus tallann
- réigiúnú agus cur chun cinn
- timpeallacht oibriúcháin
Ag labhairt di faoin seoladh, dúirt an tAire Carroll MacNeill:
“Tá lúcháir orm gur cheadaigh an Rialtas an Plean Gníomhaíochta 2023 faoin Nuashonrú ar an Straitéis ‘Éire d’Airgeadas’, agus táim ag tnúth le leanúint leis an gcomhpháirtíocht atá ar bun againn leis an tionscal ar mhaithe leis na bearta seo a chur i gcrích chun tacú leis na daoine atá taobh thiar den earnáil dhinimiciúil seo atá ag fás. Táimid gnóthach ó thús na bliana i leith, agus dea-dhul chun cinn á dhéanamh againn ar thionscnaimh amhail Cairt na hÉireann um Mná san Airgeadas agus athcheangal le hinfheisteoirí i bpríomh-mhargaí thar lear. Táim ag tnúth freisin le teagmháil phleanáilte amach anseo agus le ceangal leis na braislí réigiúnacha atá ina gcuid thábhachtach dár dtairiscint i réimse na seirbhísí airgeadais idirnáisiúnta.”
Tá an Nuashonrú ar an bPlean Gníomhaíochta ‘Éire d’Airgeadas’ 2023 á sheoladh go hoifigiúil ag an Aire Carroll MacNeill sula nglacfaidh sí páirt i gClár Lá Fhéile Pádraig, áit a mbeidh sí ag taisteal chuig Dún Éideann, chuig Caerdydd agus chuig Learpholl.