Seolann an tAire Chambers Comhairliúchán Poiblí ar an Déileáil Cánach le hÚs in Éirinn
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu (an 27 Meán Fómhair), sheol Jack Chambers, an tAire Airgeadais, comhairliúchán poiblí chun tuairimí a lorg ó gheallsealbhóirí maidir leis an déileáil cánach le hús in Éirinn.
Ag labhairt dó faoin seoladh, dúirt an tAire Chambers:
“Tá lúcháir orm comhairliúchán poiblí a sheoladh inniu ar chóras úis na hÉireann. Mar a fógraíodh san óráid Bhuiséid anuraidh, beidh an comhairliúchán seo ina chuid de mhór-athbhreithniú ar an gcóras atá ar bun faoi láthair.
Réimse casta is ea an déileáil cánach le hús agus leis an inasbhainteacht a bhaineann le hús. Tá an comhairliúchán seo á sheoladh go tráthúil chun a chinntiú go leanfaidh córas cánach na hÉireann de bheith athléimneach, go dtacóidh sé le hiomaíochas, go gcosnóidh sé an bonn cánach agus go mbeidh sé ag teacht lenár ngealltanais idirnáisiúnta.
Mholfainn do gach páirtí leasmhar an deis seo a thapú chun rannchuidiú le beartas cánach na hÉireann chun a chinntiú go leanfaidh sé d’infheistíocht a spreagadh.”