English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire McGrath comhairliúchán poiblí ar luach saothair scairbhunaithe in Éirinn

Inniu (Dé Máirt), sheol Michael McGrath, an tAire Airgeadais, comhairliúchán poiblí chun tuairimí a lorg ó gheallsealbhóirí maidir leis an gcánachas ar luach saothair scairbhunaithe in Éirinn.

Ag labhairt dó faoin seoladh, dúirt an tAire McGrath:

“Tá lúcháir orm comhairliúchán poiblí a sheoladh inniu ar luach saothair scairbhunaithe. Mar a d’fhógair mé san óráid Bhuiséid uaim le déanaí, beidh an comhairliúchán seo ina chuid de mhór-athbhreithniú a thosófar go luath.

Creidim go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí an t-athbhreithniú cuimsitheach sin chun a chinntiú go leanfaidh ár mbeartais maidir le luach saothair scairbhunaithe le tacú le cuideachtaí Éireannacha fostaithe ardoilte agus ard-inspreagtha a mhealladh agus a choinneáil, rud a chabhróidh ansin lena chinntiú go sealbhóidh fiontair Éireannacha na huirlisí a theastaíonn chun fás agus leathnú agus, ar an tslí sin, chun tacú le fás geilleagrach na hÉireann.

Leis an gcomhairliúchán seo, tugtar deis do gheallsealbhóirí a gcuid tuairimí agus eispéireas a chomhroinnt agus deimhin a dhéanamh de go mbeidh a nguth ina chuid lárnach den phróiseas athbhreithniúcháin. Mholfainn go láidir do gach geallsealbhóir páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin.”

tairseach comhairliúcháin ar líne na Roinne ar oscailt anois chun cur ar chumas na ngeallsealbhóirí uile a gcuid tuairimí a chur isteach ar an dóigh a n-oibríonn timpeallacht luach saothair scairbhunaithe na hÉireann do gach úsáideoir, ar an dóigh ar féidir an timpeallacht sin a úsáid chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach, agus ar an dóigh ar féidir linn a chinntiú go leanfaimid le caighdeáin dea-chleachtais idirnáisiúnta a bhaint amach. Tá úsáid stuama acmhainní Státchiste fós ar cheann amháin de na tosca is tábhachtaí don Aire agus don Roinn. Ba cheart do fhreagraithe a machnamh a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na hathruithe molta ar an gcóras reatha agus ba cheart dóibh anailís a sholáthar ar an gcostas/toradh don Státchiste a bheadh ag baint leis na moltaí nó na tograí uathu.

Beidh an tréimhse comhairliúcháin phoiblí ar siúl go dtí an 22 Eanáir 2024. Cuirfear na freagraí ar an gcomhairliúchán poiblí san áireamh san athbhreithniú foriomlán ar an gcánachas ar luach saothair scairbhunaithe agus ar thimpeallacht scéimeanna scaireanna na hÉireann, ar athbhreithniú é a dhéanfar thar na míonna atá romhainn. Scrúdófar san athbhreithniú freisin na moltaí ón gCoimisiún um Chánachas agus Leas i ndáil le luach saothair scairbhunaithe.

CRÍOCH

Comhairliúchán ar an gCánachas ar Luach Saothair Scairbhunaithe in Éirinn