English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhaontaíonn an Stát i bprionsabal leis an togra aischeannaigh scaireanna €1.2 billiún ó AIB

D’fhógair Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, inniu gur chomhaontaigh sé i bprionsabal leis an togra aischeannaigh scaireanna is déanaí ó AIB Group plc (“an Chuideachta” nó “AIB”). Is é an toradh a bheidh ar an idirbheart, atá faoi réir dálaí margaidh agus faoi réir ceadú a fháil ó scairshealbhóirí, ná go bhfaighidh an Chuideachta €1.2 billiún dá scaireanna ar ais ón Stát trí cheannach lasmuigh den mhargadh. Táthar ag súil leis go gcríochnófar an t-aischeannach tamaillín tar éis Chruinniú Ginearálta Bliantúil AIB an 1 Bealtaine 2025.

Agus é ag fógairt rannpháirtíocht an Stáit san idirbheart, dúirt an tAire Airgeadais:

“Mar chuid de thorthaí AIB don bhliain airgeadais 2024, d’fhógair an banc go raibh cainteanna ar siúl leis an Roinn Airgeadais maidir le haischeannach scaireanna ordaithe eile €1.2 billiún, agus is féidir liom a dheimhniú anois gur chomhaontaigh mé i bprionsabal páirt a ghlacadh san aischeannach sin ar bhonn lánordaithe (faoi réir dálaí margaidh agus faoi réir ceadú a fháil ó scairshealbhóirí). Is é an toradh a bheidh ar an idirbheart seo a chríochnú go rathúil ná go dtabharfar thart ar €1.2 billiún eile ar ais don Stát. Beidh sé sin i dteannta na ndíbhinní dar luach €100 milliún nó mar sin a gheofar i mí na Bealtaine 2025. Toradh eile a bheidh air is ea go gcumasófar don Stát a scairsheilbh in AIB a laghdú arís eile agus bogadh níos gaire i dtreo éirí as a ról sa bhanc. Fógrófar tuilleadh mionsonraí faoin idirbheart seo in am trátha.”

Tá an Roinn Airgeadais ag fáil comhairle ó William Fry LLP i ndáil leis an idirbheart seo.

Tá acmhainneacht ag an idirbheart aischeannaigh seo scairsheilbh an Stáit a laghdú faoi 8% go thart ar 3%.


Nótaí

Is beagán faoi bhun 12% atá an scairsheilbh atá ag an Stát in AIB faoi láthair, agus is é an toradh a bheidh ar an idirbheart seo a chríochnú go rathúil ná ár scairsheilbh a laghdú faoi thart ar 8% eile. Tá an plean um thrádáil scaireanna AIB i bhfeidhm go fóill freisin.