Laghdaítear scairsheilbh an Stáit in AIB go thart ar 12.5% tar éis diúscairt rathúil eile scaireanna
- Foilsithe: 28 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
Chuir Paschal Donohoe, an tAire Airgeadais, fáilte inniu roimh dhiúscairt rathúil sciar eile de scairsheilbh Stát na hÉireann in AIB Group plc (“AIB”) trí idirbheart luathaithe leabharbhunaithe.
Ag labhairt dó faoin idirbheart, dúirt an tAire Donohoe:
“Mar a fógraíodh níos luaithe inniu, dhíol an Stát leas 5% in AIB ar phraghas €5.60 in aghaidh na scaire, rud a ghinfidh €652 mhilliún don Státchiste tráth an ghlanta. Fágfaidh sé sin go mbeidh thart ar €17.9 billiún san iomlán tugtha ar ais don Stát go dtí seo óna infheistíocht in AIB. Gach uair a chuir an Stát idirbheart luathaithe leabharbhunaithe i gcrích go rathúil, d’éirigh linn feabhsuithe incriminteacha a bhaint amach ar an bpraghas láithriúcháin agus an lascaine a chiorrú an tráth céanna. San idirbheart is déanaí seo, bhí an praghas 14% níos airde ná é sin a baineadh amach san idirbheart roimhe i mí an Mheithimh anuraidh. Glacadh go maith arís eile leis an idirbheart seo, agus éileamh suntasach ann ó líon mór infheisteoirí institiúideacha idirnáisiúnta ardchaighdeáin.
“Rinneamar dul chun cinn suntasach ar scairsheilbh an Stáit in AIB a laghdú ó thart ar 71% i dtús na bliana 2022 go thart ar 12.5% inniu. Is ann do sprioc réalaíoch anois go bhféadfadh an Stát éirí as a ról in AIB níos déanaí i mbliana, ag brath ar dhálaí margaidh.”
Nótaí
Tá an Stát díreach tar éis dul isteach i dtréimhse ghlasála a mhairfidh thart ar nócha lá. Ní fhéadfar aon idirbheart luathaithe leabharbhunaithe eile a bhreithniú roimh dheireadh na tréimhse sin. Tá feidhm ag tréimhse ghlasála a mhairfidh thart ar thríocha lá maidir leis an bplean um thrádáil scaireanna AIB, ar plean é atá ar sos anois agus ar fhadaigh an tAire é. Tiocfaidh an plean um thrádáil scaireanna AIB i bhfeidhm arís tar éis na tréimhse glasála is infheidhme, agus beidh an plean i bhfeidhm go dtí an 23 Iúil 2025, ach amháin i gcás go bhfadóidh an tAire Airgeadais é arís eile.
Séanadh
Tá an phreaseisiúint seo á foilsiú chun críocha faisnéise amháin, agus ní ionann í agus tairiscint, agus ní cuid í de thairiscint, chun aon urrús de chuid AIB a dhíol sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil tairiscint den sórt sin neamhdhleathach agus ní ionann í agus sireadh tairisceana chun aon urrús de chuid AIB a cheannach sna Stáit Aontaithe nó in aon dlínse eile ina bhfuil sireadh den sórt sin neamhdhleathach. Maidir leis na hurrúis de chuid AIB atá tuairiscithe sa phreaseisiúint seo, níor cláraíodh, agus ní chlárófar, iad faoi Acht na Stát Aontaithe um Urrúis, 1933, arna leasú ("an tAcht um Urrúis"), nó faoi aon dlíthe stáit nó eachtracha um urrúis is infheidhme, agus ní fhéadfar