English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an Roinn Airgeadais ag forbairt na chéad straitéise um litearthacht airgeadais de chuid na hÉireann riamh, rud atá le foilsiú sa bhliain 2025

Táthar ag glacadh anois le hiarratais ar an gCiste Comhoibrithe agus Nuálaíochta 2025, agus ciste €250,000 ann chun tacú le tionscadail ar an litearthacht airgeadais.

Tá an cistiú sin ar fáil do thionscadail áitiúla agus náisiúnta a thacaíonn le bealaí nuálacha comhoibríocha chun feabhas a chur ar scileanna litearthachta airgeadais d’aosaigh ag a bhfuil riachtanais litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití nach bhfuiltear ag freastal orthu agus chun cur chuige atá níos áisiúla don litearthacht a chruthú i leith seirbhísí airgeadais a rochtain.

Cuid thábhachtach de rath na Straitéise um Litearthacht Airgeadais is ea comhoibriú idir eagraíochtaí. Léigh an doiciméad "What We Heard" uainn. Cruthaíodh é d’eagraíochtaí a oibríonn san earnáil neamhbhrabúis, phoiblí, dheonach agus pobail agus is gá go bhfuil dhá eagraíocht ar a laghad ag obair i gcomhpháirt chun go mbeidh siad in ann iarratas a dhéanamh ar an gCiste.

Tá Treoirlínte don Chiste ar fáil agus glacfar le hiarratais go dtí 5pm Dé hAoine an 7 Feabhra 2025.