Téann an Garda Síochána, an Comhaontas um Athchóiriú Árachais agus Árachas Éireann i bpáirt leis an Aire Carroll MacNeill chun dul i ngleic leis an gcalaois árachais
- Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 1 Feabhra 2024
D’fháiltigh Jennifer Carroll MacNeill, an tAire Stáit um Sheirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, roimh shíniú na Meabhrán Tuisceana le haghaidh calaois árachais a thuairisciú, rud a comhaontaíodh idir an Garda Síochána, Árachas Éireann agus an Comhaontas um Athchóiriú Árachais.
Leis an síniú, cuirtear beart eile de Phlean Gníomhaíochta an rialtais um Athchóiriú Árachais i gcrích. Rinneadh é inniu sa Roinn Airgeadais i láthair an Aire Carroll MacNeill, a dúirt an méid seo a leanas:
“Níor cheart aon dualgas a bheith ar dhaoine costais calaoise árachais a ionsú isteach ina bpréimheanna árachais gluaisteán, tí nó gnó. Táimid meáite ar chultúr agus cleachtas na calaoise árachais in Éirinn a athrú. Céim thábhachtach san obair sin is ea na Meabhráin Tuisceana a síníodh inniu.
“Rinne an rialtas athchóirithe árachais a spriocdhíriú agus a sholáthar i gcaitheamh na dtrí bliana atá imithe thart. Ina measc sin, tugadh Treoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta isteach; breisíodh an Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta; agus athchothromaíodh an ‘dualgas cúraim’, rud lena socraítear bonnlíne dhlíthiúil nua le haghaidh éilimh a mheasúnú.
“Is deas a fheiceáil go bhfuil an Garda Síochána, an Comhaontas um Athchóiriú Árachais agus Árachas Éireann ag neartú a gcomhair chun cabhrú le deireadh a chur le héifeachtaí dochracha na calaoise árachais trí na Meabhráin Tuisceana, rud a rachaidh chun tairbhe sa deireadh do thomhaltóirí táirgí árachais in Éirinn.”
Le síniú foirmiúil na Meabhrán Tuisceana, comhlíontar an gealltanas ón rialtas go gcuirfí dlús leis an gcomhar idir an Garda Síochána agus an tionscal árachais, agus tá sé ar cheann de na gníomhartha deiridh den chlár athchóirithe árachais seo.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill mar fhocal scoir:
“Tá an Rialtas meáite ar a chinntiú go rachaidh cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta chun tairbhe do shealbhóirí polasaí ar fud na tíre. Is tábhachtaí anois ná am ar bith riamh go ndéanfadh árachóirí breithniú ar a n-inghlacthacht riosca a mhéadú, go dtosódh siad ar phréimheanna a laghdú agus go n-oibreodh siad i gcomhar lena gcustaiméirí chun a chinntiú go mbeifear in ann tairbhí iomlána na n-athchóirithe a bhaint amach.”
Nótaí
Ba iad seo na hionadaithe do na heagraíochtaí sin faoi seach: an Coimisinéir Cúnta Justin Kelly, an Oifig Comhordaithe um Chalaois Árachais den Gharda Síochána; Moyagh Murdock, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Árachas Éireann; agus Brian Hanley, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Chomhaontais um Athchóiriú Árachais.
Thug an rialtas tús áite d’athchóiriú na hearnála árachais tríd an bPlean Gníomhaíochta um Athchóiriú Árachais, a foilsíodh i mí na Nollag 2020. Dar leis an Tuarascáil Cur Chun Feidhme is déanaí (Samhain 2022), is curtha i gcrích nó ar siúl fós atá breis agus 90 faoin gcéad de na gníomhartha.
Tá sé mar aidhm le Gníomh 29, atá faoi stiúir ag an Roinn Dlí agus Cirt, “Dlús a chur leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir an Garda Síochána agus an tionscal árachais”. De bhreis air sin, is amhlaidh, ar aon dul le Gníomh 30 (“Ról agus riachtanais Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch a scrúdú”), atá an Oifig Comhordaithe um Chalaois Árachais i mbun oibre laistigh de Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch, a bhfuil de chúram air dul i ngleic leis an gcoireacht eacnamaíoch. Oibríonn an Biúró ar bhonn náisiúnta agus soláthraíonn sé saintacaíocht agus saintreoir d’imscrúdaitheoirí calaoise náisiúnta.