English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taighdeoir ceaptha chun an dara imleabhar staire den Roinn Airgeadais a scríobh

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 24 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2019

D'fhógair an Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus an Roinn Airgeadais inniu (Déardaoin) ceapachán an Dr. Ciarán Casey, chun an dara imleabhar de stair na Roinne Airgeadais a scríobh.

Tar éis próiseas iarratais iomaíoch arna riaradh ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn, roghnaíodh an Dr. Casey ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath chun obair na Roinne a thaifeadadh ó 1958 go 1999.

Foilsíodh stair na chéad 36 bliain de shaol na Roinne Airgeadais i 1978. Ba é Ronan Fanning, Ollamh le Nua-Stair na hÉireann, UCD, a scríobh an chéad imleabhar seo. Breathnaítear an leabhar mar shaothar ceannródaíoch ar éabhlóid cuid lárnach de riarachán na hÉireann mar Stát óg.

Táthar ag súil go bhfoilseofar an dara imleabhar ón Dr. Casey in 2022 chun comóradh céad bliain a dhéanamh ar an Roinn Airgeadais agus go deimhin ar bhunú an Stáit.

Maoiníonn an Roinn Airgeadais an chomhaltacht trí bliana seo. Beidh an Dr. Casey lonnaithe i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar feadh ré na comhaltachta.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Paschal Donohoe TD:

“Tá lúcháir orainn an tionscadal seo a chur ar bun. In 2022 beidh céad bliain caite ó bunaíodh an Roinn Airgeadais agus táimid ag tnúth go mór le saothar an Dr. Casey a fheiceáil i rith na chéad chúpla bliain eile, ag tabhairt léargas nua ar an tréimhse ó dheireadh na 1950idí go deireadh an 20ú haois."

Dúirt Peter Brown, Stiúrthóir na Comhairle um Thaighde in Éirinn:

“Is deis iontach é seo don Dr. Casey tógáil ar stair tionscnaimh na Roinne Airgeadais, agus tuiscintí nua a thabhairt ar ról agus ar ghníomhaíochtaí na Roinne sa dara céim dá héabhlóid. Tá áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht leis an Roinn ar an tionscadal tábhachtach seo, agus chun cuidiú le giniúint léargas agus plé nua a éascú maidir le forbairt Stát na hÉireann. ”

CRÍOCH

Nóta d'Eagarthóirí:

Maidir leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn

Bunaíodh an Chomhairle um Thaighde in Éirinn in 2012 agus is gníomhaireacht chomhlachaithe de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna í faoi choimirce an Údaráis um Ard-Oideachas. Is í príomhfheidhm na Comhairle tacú le taighde ar thús cadhnaíochta ar fud gach disciplín agus gach céim gairme. Leagann sí béim ar leith ar thaighdeoirí gairme luathchéime agus cuireann sí deiseanna gairme éagsúla do thaighdeoirí chun cinn trí chomhpháirtíocht le fostóirí. Tá ról ar leith ag an gComhairle freisin i dtacú le taighde le fócas sochaíoch, agus tá comhpháirtíochtaí bunaithe aici ar fud an rialtais agus na sochaí sibhialta. Tuilleadh eolais: www.research.ie, @IrishResearch, #LoveIrishResearch.