Taistealaíonn an tAire Chambers go Washington DC do Chruinnithe Bliantúla an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Bhainc Dhomhanda
- Foilsithe: 23 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá Jack Chambers, an tAire Airgeadais, in Washington inniu (Dé Céadaoin) do chlár dhá lá chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag Cruinnithe Bliantúla an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus an Bhainc Dhomhanda.
Ag na Cruinnithe Bliantúla, faigheann airí airgeadais agus gobharnóirí bainc ceannais ó gach cearn den domhan an deis chun teacht le chéile agus dúshláin dhomhanda eacnamaíocha agus forbartha a phlé.
Beidh na Cruinnithe Bliantúla i mbliana ar siúl 80 bliain ó cruthaíodh CAI, ar gné lárnach den líontán sábháilteachta airgeadais domhanda é, agus an Banc Domhanda, a fhéachann le deireadh a chur leis an bhfíorbhochtaineacht agus le treisiú le rathúnas comhroinnte ar phláinéad inchónaithe.
Ag labhairt dó roimh na Cruinnithe Bliantúla, dúirt an tAire Chambers:
“Mar Aire Airgeadais agus Gobharnóir na hÉireann ag CAI agus ag an mBanc Domhanda araon, tá lúcháir orm páirt a ghlacadh sna Cruinnithe Bliantúla in Washington DC i mbliana.
“Ochtó bliain ó tháinig na 44 thír tosaigh le chéile ag Bretton Woods in New Hampshire, creidim go bhfuil tábhacht ag baint le CAI agus leis an mBanc Domhanda go fóill. Fiú amháin le linn na coinbhleachta domhanda a bhí i réim ag an am sin, bhí tuiscint ann go mbeadh an t-iltaobhachas ríthábhachtach maidir le síocháin atá éifeachtach agus athléimneach a bhaint amach. Anois, níos mó ná riamh, teastaíonn na hinstitiúidí sinn uainn chun cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda atá romhainn.
“Táim ag tnúth le dul i mbun sraith seisiún cuiditheach caidrimh le comhghleacaithe Aireachta agus le hoifigigh ag CAI agus ag an mBanc Domhanda le linn mo chuairte, agus sinn ag plé conas is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus ár gcomhspriocanna a chur chun cinn.”
Le linn na gCruinnithe Bliantúla, buailfidh an tAire Chambers le ceannairí gnó agus le hoifigigh shinsearacha ó CAI agus ón mBanc Domhanda; glacfaidh sé páirt sa séú Plé Comhchéime Aireachta ar Thacaíocht don Úcráin; agus freastalóidh sé ar Chomhghuaillíocht na nAirí Aeráide um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Tabharfaidh na Cruinnithe Bliantúla deis chun forbairtí a thit amach le déanaí ar leibhéal CAI agus ar leibhéal an Bhainc Dhomhanda a phlé freisin. Áirítear leo sin comhaontú maidir le hIontaobhas Laghdaithe Bochtaineachta agus Fáis CAI a mhaoiniú, maidir leis na formhuirir a chuirtear i bhfeidhm i leith iasachtaí ó CAI agus na rátaí úis a ghearrtar ar iasachtaí ón mBanc Domhanda a laghdú, agus maidir leis an athlánú atá le teacht ar Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta an Bhainc Dhomhanda.