Taistealaíonn an tAire McGrath chuig an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda chun freastal ar shraith imeachtaí caidrimh pholaitiúil agus gnó
- Foilsithe: 17 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 6 Meán Fómhair 2024
Thaistil an tAire Airgeadais ón mBruiséil go Davos, an Eilvéis, inniu (Dé Máirt) chun freastal ar Chruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda don bhliain 2024. Is é téama an chruinnithe i mbliana ná Iontaoibh a Chothú, agus tá ceithre cholún i gceist leis: Slándáil Idirnáisiúnta; Fás agus Poist; an Teicneolaíocht atá ag Teacht Chun Cinn; agus an Aeráid agus an Dúlra.
Freastalaíonn grúpa mór éagsúil daoine ar Chruinniú Bliantúil an Fhóraim, lena n-áirítear ceannairí polaitiúla agus gnó, cinn eagraíochtaí idirnáisiúnta, cinn eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine ó na meáin idirnáisiúnta. Trí fhreastal ar an gcruinniú, gheobhaidh an tAire McGrath sárdheis chun teachtaireachtaí tábhachtacha a chur in iúl do spriocphobal idirnáisiúnta maidir le dearcadh na hÉireann i leith saincheisteanna domhanda tábhachtacha.
Le linn a imeachtaí caidrimh, cuirfidh an tAire McGrath béim ar na láidreachtaí sainiúla atá ag Éirinn mar phríomhláthair le haghaidh gnó agus infheistíocht idirnáisiúnta agus ar an tiomantas atá againn cloí le samhail forbartha eacnamaíche atá fréamhaithe ar thrádáil idirnáisiúnta atá oscailte, saor, iomaíoch agus rialachabhunaithe.
Mar chuid dá chlár, glacfaidh an tAire McGrath páirt i bpainéal ardleibhéil ar a bhfuil i ndán don Chomhaontú Glas don Eoraip in éineacht le Fatih Birol, Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, agus le Maros Šefčovič, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um an gComhaontú Glas don Eoraip sa Choimisiún Eorpach.
Beidh raon leathan cruinnithe polaitiúla agus gnó aige le rannpháirtithe eile san Fhóram freisin, mar aon le roinnt agallamh a dhéanamh leis na meáin idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, comhóstálfaidh an tAire McGrath an t-imeacht a reáchtálann GFT Éireann gach bliain d’fheidhmeannaigh shinsearacha de chuid mórchuideachtaí idirnáisiúnta.
Ag labhairt dó roimh a chuairt, dúirt an tAire:
“Táim ag tnúth le filleadh ar ais ar Davos an tseachtain seo agus le dul i dteagmháil le raon gníomhaithe idirnáisiúnta tábhachtacha, lena n-áirítear feidhmeannaigh shinsearacha agus roinnt comhpháirtithe idirnáisiúnta de mo chuid. Tabharfaidh an Fóram seo sárdheis dúinn ár leasanna eacnamaíocha a chur chun cinn agus plé a dhéanamh ar na treochtaí bunathraitheacha atá i réim in Éirinn agus, go deimhin, ar domhan i réimsí amhail déimeagrafaíocht, dícharbónú, digitiú agus dí-dhomhandú.
“Tarraingeoidh mé aird ar a athléimní atá geilleagar na hÉireann agus ar an dóigh a bhfágann ár mballraíocht den Aontas Eorpach, ár bhfórsa saothair a bhfuil Béarla aige, ár dtimpeallacht a thacaíonn leis an ngnó agus an bhéim a chuireann ár mbeartas poiblí ar an oideachas agus ar an taighde go bhfuil Éire ina háit iontach chun infheistíocht a dhéanamh inti, arb infheistíocht í a chabhróidh ansin lenár straitéis um chruthú post a bhrú chun cinn.”