English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taistealaíonn an tAire McGrath go dtí an Bhruiséil chun freastal ar na cruinnithe de chuid ECOFIN agus an Ghrúpa Euro do mhí an Mhárta

Dé Luain an 11 Márta, taistealóidh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go dtí an Bhruiséil chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag na cruinnithe de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus an Ghrúpa Euro do mhí an Mhárta.

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt an tAire McGrath:

“Táim ag tnúth le dul i mbun plé dhá lá le mo chomhghleacaithe Eorpacha ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha. Agus sinn ag imeacht ónár ngnáthphróisis, thug Uachtaránacht na Beilge cuireadh dár gcomh-Airí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta chun dul i bpáirt linn le haghaidh díospóireacht beartais ar an idirghníomhú idir infheistíocht shóisialta, athchóirithe sóisialta, fás geilleagrach agus cóineasú sóisialta aníos. Fillfimid ar ais ar an ngnáthfhormáid ina dhiaidh sin, ar lena linn a phléifimid cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin, cruinniú Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 in Sao Paolo, agus roinnt míreanna tábhachtacha a bhaineann le Buiséad an Aontais Eorpaigh.”

Ag tosú ag an nGrúpa Euro tráthnóna Dé Luain, rachaidh an tAire McGrath i bpáirt lena chomhghleacaithe ón limistéar euro chun forbairtí maicreacnamaíocha agus an beartas fioscach sa limistéar euro don bhliain 2025 a phlé. Déanfar idirphlé ansin ar a bhfuil i ndán d’Aontas na Margaí Caipitil agus ar an ullmhúchán don Chruinniú Mullaigh Euro i mí an Mhárta.

Cuirfear tús leis an gcruinniú de chuid ECOFIN maidin Dé Máirt, tráth a chuirfear bricfeasta foirmiúil oibre ar siúl agus a gheofar an t-eolas tráthrialta is deireanaí ar an staid eacnamaíoch. Cluinfear faoinar thit amach ag an nGrúpa Euro an lá roimhe freisin.

Tar éis an bhricfeasta, tiocfaidh Airí ECOFIN le chéile lena gcomh-Airí ó EPSCO* chun plé comhpháirteach a dhéanamh ar infheistíocht shóisialta agus athchóirithe sóisialta le haghaidh geilleagair athléimneacha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh na hAirí athbhreithniú ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Beidh malartú tuairimí ann ansin maidir le tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin. Cluinfear ansin ó Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún faoi chruinniú Airí Airgeadais agus Ghobharnóirí Bainc Ceannais G20 idir an 26 agus an 29 Feabhra 2024.

Is iad na míreanna deireanacha ar an gclár oibre, a bhaineann le buiséad an Aontais, ná an moladh maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain 2022 agus na conclúidí maidir leis na treoirlínte buiséid don bhliain 2025.


Nótaí

Tugann an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) le chéile airí ó na Ballstáit uile den Aontas Eorpach atá freagrach as beartais fostaíochta, beartais gnóthaí sóisialta, beartais sláinte agus beartais tomhaltóirí.