Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taistealaíonn an tAire McGrath go Stormont dá chéad chruinniú lena chontrapháirtí i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann

Taistealóidh Michael McGrath, an tAire Airgeadais, go Stormont inniu (20 Feabhra 2024) chun bualadh leis an Dr Caoimhe Archibald CTR, Aire Airgeadais Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Tabharfaidh sé cuairt freisin ar roinnt tionscadal i mBéal Feirste a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Athmhuintearais an rialtais.

Ag an gcruinniú seo, beidh deis ag an mbeirt Airí saincheisteanna leasa choitinn a phlé den chéad uair, bealaí a oscailt le haghaidh idirphlé straitéiseach comhroinnte, agus caidreamh comhoibríoch oibre a fhorbairt. Táthar ag súil freisin go dtionólfar go luath cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas, ar comhlacht tábhachtach a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta í, agus go dtabharfar Airí ó ranna ar fud an dá riarachán le chéile aige.

Thréaslaigh an tAire McGrath leis an Aire Archibald a ceapachán mar Aire Airgeadais, agus chuir sé fáilte ó chroí le hathbhunú an Fheidhmeannais agus an Tionóil an 3 Feabhra.

Ag labhairt dó roimh a chuairt, dúirt an tAire:

“Táim ag tnúth le dul i dteagmháil leis an Aire Archibald tar éis a ceapacháin mar Aire Airgeadais i bhFeidhmeannas athbhunaithe Thuaisceart Éireann.

“Tabharfaidh an cruinniú seo sárdheis dúinn ár gcomhleasanna eacnamaíocha, an geilleagar uile-oileáin agus na comhdheiseanna agus na comhdhúshláin atá romhainn a phlé. Tháinig cuid mhór éiginnteachta agus cuid mhór dúshlán chun cinn ón taobh polaitiúil de agus ón taobh geilleagrach de araon le blianta beaga anuas. A bhuí leis an bhFeidhmeannas athbhunaithe agus leis an gcinnteacht mhéadaithe atá ann maidir le príomh-shaincheisteanna amhail trádáil iar-Bhreatimeachta, áfach, tá deis againn anois a mhór a dhéanamh den acmhainneacht a bhaineann leis an gcaidreamh geilleagrach ar an oileán seo.

“Bhí acmhainneacht ann i gcónaí trádáil trasteorann a fhorbairt tuilleadh, agus chonaiceamar le blianta beaga anuas an méid is féidir a bhaint amach ina leith sin. I dtús na deacáide, b’fhiú níos lú ná €5 billiún an trádáil iomlán in earraí agus seirbhísí. Mhéadaigh an figiúr sin go €11.6 billiún sa bhliain 2022, cothrom le méadú 15% ar an bhfigiúr don bhliain 2021.”

Dúirt an tAire freisin:

“Tá síocháin agus rathúnas ag croílár ár gcuid oibre go fóill agus, cé go mbeidh an cruinniú seo dírithe ar ár gcuid oibre ar son rathúnas comhroinnte, lena n-áirítear i gcomhthéacs Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, tógfaidh mé an t-am freisin chun cuairt a thabhairt ar roinnt tionscadal a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Athmhuintearais an rialtais agus atá tiomnaithe d’obair leanúnach athmhuintearais agus pobail.”