English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Taistealaíonn an tAire Michael McGrath go Lucsamburg chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag cruinnithe de chuid ECOFIN agus an Ghrúpa Euro

Thaistil Michael McGrath, an tAire Airgeadais, inniu (an Déardaoin) go Lucsamburg chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag cruinnithe de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) agus an Ghrúpa Euro.

Ag an gcruinniú den Ghrúpa Euro, rachaidh an tAire McGrath i bpáirt lena chomhghleacaithe aireachta chun na forbairtí is déanaí i dtionscadal an euro dhigitigh a phlé, bunaithe ar an eolas is deireanaí ón gCoimisiún Eorpach agus ón mBanc Ceannais Eorpach.

Cuirfidh Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro, clár oibre an Ghrúpa Euro don tréimhse go dtí mí an Mhárta 2024 i láthair. Leanfaidh an Grúpa Euro de phlé tráthrialta a dhéanamh ar fhorbairtí maicreacnamaíocha agus de bheartais eacnamaíocha agus fhioscacha a chomhordú. Tabharfar cuireadh do na hAirí chun a gcuid tuairimí a chur in iúl agus chun an clár a fhormhuiniú.

Pléifidh na hAirí an faireachas iarchláir don Ghréig, don Chipir, d’Éirinn, don Phortaingéil agus don Spáinn. Tabharfaidh an tAire McGrath aitheasc agus fáilteoidh sé roimh na fionnachtana a bhaineann le hÉirinn ón tuarascáil is déanaí, rud ina luaitear go bhfuil ag Éirinn fós an cumas chun ár n-iasachtaí cláir a aisíoc leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus leis an Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM) agus go bhfuil an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais in Éirinn fónta ar an iomlán, d’ainneoin roinnt dúshlán.

Tabharfaidh an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta láithreoireacht ar na príomhtheachtaireachtaí de Chomhairliúchán Airteagal IV leis na Balltíortha ar Chomhbheartais Limistéir Euro* uaidh.

Ag obair dóibh i bhformáid chuimsitheach ag an gcruinniú den Ghrúpa Euro, tabharfaidh na hAirí na freagraí uathu ar láithreoireachtaí ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ón mBanc Ceannais Eorpach agus ón gCoimisiún Eorpach ar fheidhmíocht agus todhchaí mhargaí caipitil na hEorpa.

Freastalóidh an tAire McGrath ansin ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN). Tosófar an cruinniú sin le bricfeasta oibre, ar lena linn a phléifidh na hAirí na forbairtí eacnamaíocha reatha agus na dúshláin atá ag teacht chun cinn.

Tabharfar cuireadh do na hAirí chun díospóireacht beartais a sheoladh ar an bpacáiste reachtach um CBL sa ré dhigiteach. Is é atá ann sin ná pacáiste tograí atá beartaithe chun córas CBL an Aontais Eorpaigh a nuachóiriú le haghaidh dul chun cinn teicneolaíochta, chun ualaí comhlíonta CBL a laghdú, agus chun cabhrú le calaois CBL a chomhrac. Tabharfaidh na hAirí treoir pholaitiúil maidir le roinnt príomh-shaincheisteanna a bhfuil plé á dhéanamh orthu ar leibhéal shaineolaithe na mballstát.

Beidh an deis ag an gComhairle freisin tuairimí ar athchóiriú beartaithe an chreata rialachais eacnamaíoch a mhalartú. Tar éis láithreoireacht ón gCoimisiún, beidh an deis ag na hAirí labhairt faoi na príomhthosaíochtaí polaitiúla le haghaidh na gcaibidlí atá le teacht, agus díriú á leagan ar an mbealach ar aghaidh.

Féachfaidh an Chomhairle le cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadófar plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe ón Eastóin.

Féachfaidh an Chomhairle lena moltaí ar chláir athchóirithe náisiúnta na bliana 2023 a cheadú agus féachfaidh sé lena thuairimí a thabhairt ar na cláir nuashonraithe chobhsaíochta nó chóineasaithe. Chomh maith leis sin, comhaontóidh na hAirí téacs na moltaí tírshonracha don bhliain 2023, ar foilsíodh na tograí ón gCoimisiún ina leith i ‘bPacáiste Earraigh’ an tSeimeastair Eorpaigh an 24 Bealtaine.

Pléifidh an Chomhairle tionchar eacnamaíoch agus airgeadais ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Ó thús an chogaidh i leith, tá an ní sin ina mhír thráthrialta ar chlár gnó chruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais.

Tabharfaidh na hAirí treoir maidir le hobair bhreise i ndáil le hullmhú chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 a chuirfear ar siúl an 17 Iúil agus an 18 Iúil 2023.


Nótaí

Is é atá in athbhreithniú airteagal IV ar an limistéar euro ná cleachtadh tráthrialta ina n-athbhreithníonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta forbairtí eacnamaíocha, ina dtéann sé i gcomhairle le lucht déanta beartas an limistéir euro agus ina soláthraíonn sé comhairle beartais spriocdhírithe. Is deis luachmhar chun tuairimí a mhalartú ar fhorbairtí reatha agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn iad na pléití ag cruinnithe an Ghrúpa Euro.