Torthaí taighde maidir le fiachas san earnáil phríobháideach in Éirinn foilsithe ag an Roinn Airgeadais
- Foilsithe: 19 Márta 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D'fhoilsigh an Roinn Airgeadais saothar nua taighde eacnamaíochta Analysis of private sector debt in Ireland inniu. Cuireann an saothar seo le tuarascáil bhliantúil na Roinne maidir leis an bhfiachas poiblí.
Ainneoin beagnach deich mbliana den díghiaráil ag teaghlaigh agus ag comhlachtaí, tá stoc na hÉireann d'fhiachas na hearnála príobháidí, arna thomhas de réir chóimheas fhiachas na hearnála príobháidí leis an OTI, ard go fóill agus luaitear arís agus arís eile go bhfuil baol maicreacnamaíochta ag baint leis. Ina ainneoin sin, i bhfianaise oiread agus a tharlaíonn d'infheistíocht dhíreach eachtrach in Éirinn, níl baol maicreacnamaíochta dáiríre i gceist le hiomlán an fhiachais sin i ndáil le heacnamaíocht na tíre. Déantar anailís sa saothar taighde seo ar na gnéithe agus ar an dinimiceas a bhaineann leis an gcóimheas fiachais príobháideach in Éirinn d'fhonn tuiscint níos fearr a ghnóthú ar na réimsí baoil maicreacnamaíochta a bhaineann leis an leibhéal reatha fiachais i ndáil le teaghlaigh agus le comhlachtaí.
Áirítear ar phríomhthorthaí taighde an tsaothair:
- Tar éis beagnach deich mbliana den díghiaráil, táthar ar bhealach i bhfad níos seasmhaí maidir le leibhéil fiachais na dteaghlach. Tá fiachas na dteaghlach cothrom anois le 126 faoin gcéad den ioncam indiúscartha, leibhéal nach rabhthas chomh híseal leis ón mbliain 2003 i leith, agus leibhéal atá le cur i gcomórtas le buaicleibhéal 212 faoin gcéad sa bhliain 2009. Ina ainneoin sin, tá cóimheas fiachais na dteaghlach in Éirinn ar an gceathrú leibhéal is airde ar fud thíortha an AE.
- Tá beartaíocht na bhfiontar ilnáisiúnta (MNE) ina shiocair le roinnt den chóimheas ard maidir leis an bpríomhfhiachas príobháideach (teaghlaigh móide comhlachtaí). Fágann fiachas MNE - ar iasachtaí inghrúpa trasteorann ar mhaithe le cúrsaí FDI is bun le cuid shuntasach de - boilsciú ar an gcóimheas fiachais cé nach bhfuil ábhar mór baoil i gceist leis i ndáil leis an eacnamaíocht intíre ná leis an gcóras airgeadais.
- Déantar an claonléargas sin a phlé sa saothar taighde seo agus cuirtear cóimheas 'bunúsach' ar fáil maidir leis an bhfiachas príobháideach in Éirinn a bhfágtar as an áireamh ina leith an fiachas a bhaineann le cúrsaí FDI agus a chuirtear in iúl mar scair den OIN*, an tomhas bunúsach nua atá ag an Lár-Oifig Staidrimh (CSO) maidir leis an ioncam náisiúnta.
- Go ginearálta, meastar an cóimheas bunúsach fiachas príobháideach le OIN* a bheith cothrom le 172 faoin gcéad i ndáil leis an mbliain 2017 i gcomórtas le cóimheas fiachas le OTI cothrom le 244 faoin gcéad. Fiachas teaghlaigh cothrom le 77 faoin gcéad den OIN* agus fiachas 'bunúsach' corparáide cothrom le 95 faoin gcéad atá i gceist leis an gcóimheas iomlán sin.
- Tugtar meastacháin sa saothar maidir le tagarmharcanna ar féidir cóimheas bunúsach na hÉireann maidir le fiachas príobháideach a chur i gcomórtas leo bunaithe ar thosca bunúsacha eacnamaíochta.
- Áirítear go bhfuil an fiachas teaghlaigh faoi bhun leibhéal na tagarmharcála cé go bhfuil teaghlaigh na hÉireann ar na teaghlaigh is mó atá i bhfiacha ar fud an AE ar fad agus go bhfuil fiacha arda i gceist i gcónaí le réimsí áirithe. Maidir le hearnáil na gcomhlachtaí, tá an fiachas bunúsach in Éirinn isteach is amach le leibhéal na tagarmharcála le dhá bhliain anuas.
- Bheadh le tuiscint ón anailís go bhfuil gnéithe áirithe de chúrsaí eacnamaíochta na hÉireann, an forás eacnamaíochta agus an forás ar an daonra a raibh súil leo san áireamh, ina siocracha le leibhéil níos airde maidir le fiachas na dteaghlach agus le fiachas na gcomhlachtaí ná mar atá ar fáil i dtíortha eile de chuid na hEorpa.
- Cé gur cosúil na gnéithe struchtúrtha sin de chúrsaí eacnamaíochta na hÉireann ina míniú ar na leibhéil fiachais, d'fhéadfadh an bonn ard fiachais atá ar fáil faoi láthair a bheith ina ábhar baoil sa chás go dtarlódh lagtrá. Mar shampla, d'fhágfadh cóimheas cobhsaí maidir leis an bhfiachas príobháideach, i.e. an leibhéal fiachais ag ardú ar an ráta amháin le cúrsaí eacnamaíochta go ginearálta (OIN*), agus gan ardú ar ráta níos tréine ná sin, go mbeadh fiachas na dteaghlach, faoin mbliain 2023, ar leibhéal gar don bhuaicleibhéal roimh thráth na géarchéime.
Ag tagairt don fhoilseachán, dúirt Paschal Donohoe T.D., an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe:
“Is breá liom an saothar taighde seo a bheith á fhoilsiú lena líontar bearna thábhachtach sa bhonn tuisceana maidir leis an ualach fiacha atá ar an earnáil phríobháideach in Éirinn agus lena gcuirtear lón ábhair i bhfad níos caolchúisí ar fáil maidir leis an staid fiachais ná mar a bhíonn sna gnáth-thuairiscí.
Bíonn aird á dhíriú go leanúnach ar an leibhéal ard a bhaineann leis an bhfiachas príobháideach in Éirinn mar réimse baoil i gcúrsaí eacnamaíochta, ar Chlár Scórála an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Míréir Mhaicreacnamaíochta agus in áiteanna eile. Tá buntábhacht le tuiscint a fháil ar an méid de na fiacha a bhaineann leis an eacnamaíocht intíre agus an méid a bhaineann le beartaíocht na gcuideachtaí ilnáisiúnta ionas gur féidir linn beartas eacnamaíochta cuí a leagan amach.
Cé go dtagtar ar an tuairim sa pháipéar nach bhfuil leibhéil fiachais theaghlaigh na hÉireann as compás leis na bunsiocracha eacnamaíochta, dírítear aird ar an ngá leanúnach le monatóireacht chúramach ag an Rialtas ar phátrúin maidir le fiachas na dteaghlach, riaráistí morgáiste san áireamh, mar gheall ar theaghlaigh na hÉireann a bheith ar na teaghlaigh is mó atá i bhfiacha ar fud an AE.
Táthar i mbun caidrimh go gníomhach lenár gcomhghleacaithe san AE mar chuid den phróiseas maidir leis an Seimeastar Eorpach ionas go gcinntítear go leantar d'aon mhíréir mhaicreacnamaíochta a tháinig chun tosaigh le linn na géarchéime a chur ar ais ina cheart agus aon mhíréir de chineál nua a sheachaint.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Mioneolas breise:
- Luach ainmiúil na n-iasachtaí agus na n-urrús fiachais a bhfuil teaghlaigh agus corparáidí neamhairgeadais (NFC) atá de shainmhíniú ar chóimheas fhiachas na hearnála príobháidí leis an olltáirge intíre luach. B'ionann an figiúr sin i gcás na hÉireann sa bhliain 2017 agus 244 faoin gcéad.
- De réir chlár scórála an Choimisiúin Eorpaigh maidir le míréir maicreacnamaíochta, tá tairseach 133 faoin gcéad socraithe mar leibhéal míréireach ina leith sin. Tá an tairseach sin á sárú maidir le fiachas na hearnála príobháidí in Éirinn ó bhlianta beaga i ndiaidh na bliana 2000 i leith.
- Na fiacha atá ar chomhlachtaí NFC faoi úinéireacht Éireannach, mar gheall ar iasachtaí ó bhancanna nó frithpháirtithe in Éirinn nó thar lear, atá de shainmhíniú ar chóimheas fiachais bunúsach chorparáidí neamhairgeadais na hÉireann. Ní thugtar san áireamh fiachas na gcuideachtaí ag a bhfuil máthairchomhlachtaí eachtracha (i.e. cuideachtaí ilnáisiúnta nó MNE) ná cuideachtaí phoiblí theoranta athshainchónaí, réimse a mbeadh 70 faoin gcéad d'fhiachas na gcorparáidí NFC ar fad i gceist leo.
- Ba chóir fiachas príobháideach bunúsach na hÉireann a lua i gcomórtas le OIN*, léargas níos cruinne ar an mbeartaíocht eacnamaíochta intíre, seachas a lua i gcomórtas leis an OTI. B'ionann an cóimheas bunúsach fiachas le OIN* sa bhliain 2017 agus 172 faoin gcéad, i gcomparáid le príomhchóimheas fiachas le OTI ab ionann agus 244 faoin gcéad.
- Sa bhliain 2017, b'ionann an cóimheas bunúsach fiachas le OIN* i ndáil le comhlachtaí NFC agus 95 faoin gcéad, i gcomparáid le príomhchóimheas fiachas le OTI i ndáil le comhlachtaí NFC ab ionann agus 196 faoin gcéad. B'ionann fiachas le OIN* i ndáil le teaghlaigh agus 77 faoin gcéad, i gcomparáid le cóimheas fiachas le OTI cothrom le 48 faoin gcéad.
- Tá fiachas na dteaghlach cothrom anois le 126 faoin gcéad den ioncam indiúscartha, leibhéal nach rabhthas chomh híseal leis ón mbliain 2003 i leith, agus leibhéal atá le cur i gcomórtas le buaicleibhéal 212 faoin gcéad sa bhliain 2009. Ina ainneoin sin, tá cóimheas fiachais na hÉireann ar an gceathrú leibhéal is airde ar fud thíortha an AE. In Éirinn atá an séú leibhéal is airde ar fud thíortha an AE maidir le fiachas na dteaghlach de réir líon na ndaoine, €29k in aghaidh an duine sa daonra.
- Baintear úsáid sa saothar as modh oibre atá bunaithe ar chúlchéimniú arna chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach d'fhonn meastachán a thabhairt maidir le tagarmharcanna sainchóirithe i ndáil le fiachas príobháideach in Éirinn agus sin bunaithe ar thosca bunúsacha eacnamaíochta i ndáil leis an tír seo go háirithe.
- Meastar fiachas na dteaghlach a bheith faoi bhun leibhéal measta na tagarmharcála de réir an mhodh oibre seo (arna bhunú ar OTI nó ar bhonn OIN*) agus tá an cóimheas bunúsach maidir le fiachas chorparáidí NFC in Éirinn beagán níos airde ná leibhéal na tagarmharcála cé go raibh sin ar an meán isteach is amach le leibhéal na tagarmharcála le dhá bhliain anuas.
- Tuigtear gurb iad na cúiseanna is mó is siocair le carnadh fiachais teaghlaigh in Éirinn an forás a mheastar a thiocfaidh ar chúrsaí eacnamaíochta san am atá le teacht, ardú daonra, dífhostaíocht agus rialacháin maidir le cúrsaí creidmheasa. I ndáil le comhlachtaí NFC, is iad na bunchúiseanna is tábhachtaí an forás a mheastar a thiocfaidh ar chúrsaí eacnamaíochta san am atá le teacht, dífhostaíocht agus infheistíocht i gcúrsaí tógála (a bhfuil an t-ardú daonra ar cheann de na cúiseanna leis). Déantar coigeartú timthriallach i ndáil leis na bunchúiseanna sin go léir d'fhonn an tionchar a bheadh ag an timthriall eacnamaíochta ar na leibhéil fiachais a chur ar neamhní.