English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an Rialtas faoi deara an Breithiúnas ó CBAE i gcás Státchabhrach Apple

  • Ó: An Roinn Airgeadais

  • Foilsithe: 10 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 15 Eanáir 2025

Thug Rialtas na hÉireann faoi deara inniu (Dé Máirt) na ráitis i ndáil leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) nach raibh i bhfabhar argóintí na hÉireann i gcás Státchabhrach Apple. Breithneoimid an breithiúnas go cúramach nuair a scaipfear é.

Ba é seasamh na hÉireann ón tús nach dtugann Éire aon chóir chánach fhabhrach d’aon chuideachtaí ná d’aon cháiníocóirí. Chinn CBAE nár leor an cháin a íocadh agus gur ghá méid níos airde cánachais a aisghabháil. Ar ndóigh, urramóidh Éire na cinntí ón gCúirt maidir leis an gcáin atá dlite sa chás seo.

Is le breithiúnas an lae inniu a thugtar an cinneadh deiridh sa chás seo. Cuirfear tús anois leis an bpróiseas le haghaidh na sócmhainní sa Chiste Eascró a aistriú go hÉirinn ar an modh atá forordaithe sa Ghníomhas lena rialaítear oibríochtaí an Chiste Eascró.

Is le saincheist stairiúil a bhain cás Apple; téann tuairimí na gCoimisinéirí Ioncaim siar go dtí na blianta 1991 agus 2007 agus níl siad i bhfeidhm a thuilleadh; agus thug Éire isteach cheana féin athruithe ar an dlí maidir le rialacha cónaithe chorparáidigh agus maidir le brabúis a chur i leith brainsí de chuideachtaí neamhchónaitheacha a oibríonn sa Stát.

Tá Éire ina rannpháirtí gníomhach sa phlé idirnáisiúnta cánach, agus rinne sí freisin na hathruithe riachtanacha ar a córas cánachais de réir mar a tháinig forbairt ar rialacha idirnáisiúnta cánach le himeacht ama.

CRÍOCH

Ráiteas ón Aire Chambers maidir leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás Státchabhrach Apple

Nóta Faisnéise maidir le Ciste Eascró Apple agus maidir leis an gCoigeartú Tríú Tír